|
+Airteagal 54 1. |
Airteagal 54 1.Chun críocha phointe (n) d'Airteagal 52(1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le hionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1:
(a)
tarlóidh eachtra thucaide nuair a thitfidh an cóimheas de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an institiúid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) faoi bhun ceachtar díobh seo a leanas:
(i)
5.125 %;
(ii)
leibhéal níos airde ná 5.125 %, i gcás inar chinntigh an institiúid é agus inar sonraíodh é sna forálacha lena rialaítear an ionstraim;
(b)
Féadfaidh institiúidí eachtra thucaide amháin nó níos mó a shonrú sna forálacha lena rialaítear an ionstraim, de bhreis ar an eachtra a dtagraítear di i bpointe(a);
(c)
i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí iad a chomhshó ina ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, sonróidh na forálacha sin ceachtar díobh seo a leanas:
(i)
ráta comhshóite den sórt sin agus teorainn ar an méid comhshóite a cheadófar;
(ii)
raon, ar laistigh de, a chomhshóidh na hionstraimí ina n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(d)
i gcás ina gceanglaíonn na forálacha lena rialaítear na hionstraimí méid a bpríomhshuime a dhíluacháil tráth a dtarlaíonn eachtra thucaide, laghdófar na nithe seo a leanas ar fad sa díluacháil:
(i)
éileamh shealbhóir na hionstraime i ndócmhainneacht nó i leachtú na hinstitiúide;
(ii)
an méid a cheanglaítear a íoc i gcás ina ndéantar an ionstraim a ghlaoch nó a fhuascailt;
(iii)
na dáileacháin a dhéantar faoin ionstraim;
(e)
i gcás ina n-eisíonn gnóthas fochuideachta atá bunaithe i dtríú tír na hionstraimí Leibhéal 1 Breise, déanfar an truicear dar méid 5,125 % nó níos airde, dá dtagraítear i bpointe (a) a ríomh i gcomhréir le dlí náisiúnta an tríú tír sin nó leis na forálacha conarthacha lena rialaítear na hionstraimí, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, go bhfuil na forálacha sin comhionann, ar a laghad, leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|