+Airteagal 72e 5.

Airteagal 72e 5.

Déanfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), de Threoir 2014/59/AE a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ó ítimí dliteanas incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

tá na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe i seilbh institiúide nó eintitis nach eintiteas réitigh é féin ach ar fochuideachta d’eintiteas réitigh é nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b) 

ceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92b den Rialachán seo nó in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh;

(c) 

d’eisigh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 92b(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE nach eintiteas réitigh é féin na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá sa ghrúpa réitigh céanna leis an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní asbhainfear sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe i gcás ina gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite agus ina n-áirítear an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcomhdhlúthú na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.

Chun críocha na míre seo, tuigfear an tagairt d’ítimí dliteanas incháilithe mar thagairt do cheann ar bith de na nithe seo a leanas:

(a) 

ítimí dliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh chun an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92b a chomhlíonadh;

(b) 

dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.

Chun críocha na míre seo, tuigfear gurb ionann an tagairt d’ionstraimí cistí dílse agus d’ionstraimí dliteanas incháilithe agus tagairt do cheann ar bith díobh seo a leanas:

(a) 

ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 92b(2) agus (3);

(b) 

cistí dílse agus dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas