+Airteagal 83 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach
---+Airteagal 83 1.
---+Airteagal 83 2.

Airteagal 83 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 83 1.

Go dtí an 31 Nollaig 2021, níl ionstraimí Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise nó i Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

▼B

(a) 

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(b) 

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 52(1);

(c) 

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaomhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 63;

(d) 

is í an t-aon sócmhainn atá ag an eintiteas sainchuspóireach a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2, Theideal II de Chuid a hAon, agus comhlíonann a foirm na coinníollacha iomchuí atá leagtha amach in Airteagal 52(1) nó Airteagal 63, de réir mar is infheidhme.

I gcás ina measann an t-údarás inniúil gur mionsócmhainní agus sócmhainní neamhthábhachtacha i gcás eintitis shainchuspóirigh iad na sócmhainní atá ag eintiteas sainchuspóireach seachas a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, féadfaidh an t-údarás inniúil an coinníoll a shonraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a tharscaoileadh.

Airteagal 83 2.
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na cineálacha sócmhainní ar féidir go mbaineannsiad le feidhmiú eintiteas sainchuspóireach agus na coincheapa “mionsócmhainní” agus “sócmhainní neamhthábhachtacha” dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 a shonrú.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas