+Airteagal 83 1.

Airteagal 83 1.

Go dtí an 31 Nollaig 2021, níl ionstraimí Leibhéal 1 Breise agus Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara ar áireamh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise nó i Leibhéal 1 nó Leibhéal 2 nó i gcistí dílse cáilitheacha, de réir mar is infheidhme, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

▼B

(a) 

toisc nach bhfuil an fhochuideachta áirithe go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon.

(b) 

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 52(1);

(c) 

níl na hionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaomhara, ar áireamh i gCaipiteal cáilitheach Leibhéal 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 63;

(d) 

is í an t-aon sócmhainn atá ag an eintiteas sainchuspóireach a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear go hiomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2, Theideal II de Chuid a hAon, agus comhlíonann a foirm na coinníollacha iomchuí atá leagtha amach in Airteagal 52(1) nó Airteagal 63, de réir mar is infheidhme.

I gcás ina measann an t-údarás inniúil gur mionsócmhainní agus sócmhainní neamhthábhachtacha i gcás eintitis shainchuspóirigh iad na sócmhainní atá ag eintiteas sainchuspóireach seachas a infheistíocht i gcistí dílse an mháthairghnóthais nó fhochuideachta an mháthairghnóthais a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon, féadfaidh an t-údarás inniúil an coinníoll a shonraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír a tharscaoileadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas