|
+Airteagal 84 1. |
Airteagal 84 1.Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh a bheidh ag fochuideachta i gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin mar a leanas:
(a)
caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
(i)
an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
(1)
i gcás inar ceann díobhsan a liostaítear in Airteagal 81(1), pointe (a), den Rialachán seo í an fhochuideachta ach nach gnólacht infheistíochta ná cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (a), den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(2)
i gcás inar gnólacht infheistíochta nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í an fhochuideachta, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(ii)
an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (a), den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(b)
leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnóthais sin. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt d’institiúid ceachtar de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó (ii) a asbhaint a luaithe a léireoidh an institiúid sin chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an méid breise leasa mhionlaigh ar fáil chun caillteanais a ionsú ar an leibhéal comhdhlúite. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|