+Airteagal 92 4.

Airteagal 92 4.

Ríomhfar méid iomlán na neamhchosanta ar riosca nach bhfuil socraithe ar íosráta mar shuim phointí (a) go (g) den mhír seo tar éis mír 6 den Airteagal seo a chur san áireamh:

(a) 

na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa, lena n-áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí, agus riosca caolúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II den Chuid seo agus le hAirteagal 379, maidir le gníomhaíochtaí gnó uile institiúide, cé is moite de mhéideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca ó ghnó leabhair trádála na hinstitiúide;

(b) 

ceanglais cistí dílse gnó institiúide, ar gnó é sin a bhaineann leis an leabhar trádála, i gcás an mhéid seo a leanas:

(i) 

riosca margaidh, arna ríomh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo;

(ii) 

neamhchosaintí móra a sháraíonn na teorainneacha a shonraítear in Airteagail 395 go 401, a mhéid is ceadmhach d'institiúid na teorainneacha sin a shárú, arna gcinneadh i gcomhréir le Cuid a Ceathair;

(c) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, arna ríomh i gcomhréir le Teideal IV den Chuid seo le haghaidh gach gníomhaíochta gnó leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí;

(d) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca socraíochta, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 378 agus 380;

(e) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh an riosca coigeartaithe luachála creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le Teideal VI den Chuid seo;

(f) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh le riosca oibriúcháin, arna ríomh i gcomhréir le Teideal III den Chuid seo;

(g) 

na méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as gnó leabhar trádála na hinstitiúide i gcás na gcineálacha idirbheart agus comhaontuithe a leanas, arna ríomh i gcomhréir le Teideal II den Chuid seo:

(i) 

conarthaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa;

(ii) 

idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta urrús nó tráchtearraí bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;

(iii) 

idirbhearta iasachtaithe corrlaigh bunaithe ar urrúis nó ar thráchtearraí;

(iv) 

idirbhearta socraíochta iarchurtha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas