|
+Airteagal 104c 1. |
Airteagal 104c 1.Féadfaidh institiúid a bhfuil suíomh riosca tógtha aici d’aon turas chun fálú a dhéanamh, ar a laghad go páirteach, in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil dá dtagraítear in Airteagal 92(1), pointí (a), (b) agus (c), féadfaidh sí, faoi réir chead a húdaráis inniúil, an suíomh riosca sin a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí dá dtagraítear in Airteagal 325(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha a leanas:
(a)
tá uasmhéid an tsuímh riosca a eisiatar ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh teoranta do mhéid an tsuímh riosca a neodraíonn íogaireacht aon cheann de na cóimheasa caipitil chuig na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí;
(b)
eisiatar an suíomh riosca ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ar feadh ar a laghad 6 mhí;
(c)
tá creat bainistíochta riosca iomchuí bunaithe ag an institiúid chun na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil a fhálú, lena n-áirítear straitéis fálúcháin shoiléir agus struchtúr rialála soiléir;
(d)
tá údar le suíomh riosca a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, mionsonraí an tsuímh riosca sin agus an méid le heisiamh, tugtha ag an institiúid don údarás inniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|