|
+Airteagal 105 2. |
Airteagal 105 2.Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bheidh leordhóthanach chun meastacháin luachála stuama agus iontaofa a sholáthar a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna córais agus sna rialuithe sin:
(a)
beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe don phróiseas luachála, lena n-áirítear freagrachtaí a bheidh sainmhínithe go soiléir maidir leis na réimsí éagsúla a bhaineann leis an luacháil a chinneadh, foinsí faisnéise an mhargaidh agus athbhreithniú ar cé chomh hoiriúnach is atá siad, treoirlínte maidir le hionchuir dhobhraite a úsáid, a léiríonn toimhdí na hinstitiúide maidir le cad a d'úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an suíomh á phraghsáil acu, minicíocht na luachála neamhspleáiche, uainiú na bpraghsanna scoir, nósanna imeachta chun luachálacha a choigeartú, nósanna imeachta fíorúcháin ad-hoc agus deireadh míosa;
(b)
línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh, ar línte chuig an gcomhlacht bainistíochta a bheidh iontu sa deireadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|