+Airteagal 105 Ceanglas maidir le Luacháil Stuama
---+Airteagal 105 1.
---+Airteagal 105 2.
---+Airteagal 105 3.
---+Airteagal 105 4.
---+Airteagal 105 5.
---+Airteagal 105 6.
---+Airteagal 105 7.
---+Airteagal 105 8.
---+Airteagal 105 9.
---+Airteagal 105 10.
---+Airteagal 105 11.
---+Airteagal 105 12.
---+Airteagal 105 13.
---+Airteagal 105 14.

Airteagal 105 Ceanglas maidir le Luacháil Stuama

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 105 1.
Beidh gach suíomh leabhair trádála agus gach suíomh leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir faoi réir na gcaighdeán maidir le luacháil stuama a shonraítear san Airteagal seo. Áiritheoidh institiúidí go háirithe go mbainfidh an luacháil stuama a dhéanfar ar a gcuid suíomhanna leabhair trádála leibhéal cinnteachta iomchuí amach ag féachaint don mhianach dinimiciúil a bhaineann le suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir, na héilimh a bhaineann le fóntacht stuamachta agus an modh oibríochta agus cuspóir na riachtanas caipitil maidir le suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir.
Airteagal 105 2.

Déanfaidh institiúidí córais agus rialuithe a bheidh leordhóthanach chun meastacháin luachála stuama agus iontaofa a sholáthar a bhunú agus a choimeád ar bun. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna córais agus sna rialuithe sin:

(a) 

beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe don phróiseas luachála, lena n-áirítear freagrachtaí a bheidh sainmhínithe go soiléir maidir leis na réimsí éagsúla a bhaineann leis an luacháil a chinneadh, foinsí faisnéise an mhargaidh agus athbhreithniú ar cé chomh hoiriúnach is atá siad, treoirlínte maidir le hionchuir dhobhraite a úsáid, a léiríonn toimhdí na hinstitiúide maidir le cad a d'úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an suíomh á phraghsáil acu, minicíocht na luachála neamhspleáiche, uainiú na bpraghsanna scoir, nósanna imeachta chun luachálacha a choigeartú, nósanna imeachta fíorúcháin ad-hoc agus deireadh míosa;

▼C2

(b) 

línte tuairiscithe don roinn a bheidh freagrach as an bpróiseas luachála a bheidh soiléir agus neamhspleách ón oifig thosaigh, ar línte chuig an gcomhlacht bainistíochta a bheidh iontu sa deireadh.

Airteagal 105 3.
Déanfaidh institiúidí athluacháil ar shuíomhanna leabhair trádála ar luach cóir ar bhonn laethúil ar a laghad. Déanfar athruithe ar luach na suíomhanna sin a thuairisciú mar chuid de chuntas brabúis agus caillteanais na hinstitiúide.
Airteagal 105 4.
Marcálfaidh institiúidí a gcuid suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir, nuair is féidir sin, lena n-áirítear nuair a bheidh an láimhseáil caipitil ábhartha á cur i bhfeidhm acu ar na suíomhanna sin.
Airteagal 105 5.
Nuair a dhéanfar marcáil ón margadh, ní bhainfidh institiúid leas as an taobh is stuama de thairiscint agus atairscint ach amháin sa chás gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh. I gcás ina mbaineann institiúidí leas as an maolú seo, tabharfaidh siad faisnéis gach sé mhí dá n-údaráis inniúla faoi na suímh lena mbaineann agus fianaise a chur ar fáil gur féidir léi an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh.
Airteagal 105 6.
Nuair nach féidir marcáil ón margadh a dhéanamh, déanfaidh institiúidí marcáil choimeádach de réir samhla a fháil dá suíomhanna agus dá bpunanna, lena n-áirítear nuair a bheidh ceanglais cistí dílse á ríomh le haghaidh suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála arna dtomhas ar luach cóir.
Airteagal 105 7.

Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas nuair a bheidh siad ag marcáil de réir samhla:

(a) 

beidh eolas ag an lucht bainistíochta sinsearaí ar na gnéithe den leabhar trádála nó de shuímh eile a bhfuil luach cóir ag gabháil leo agus atá faoi réir ag marcáil de réir samhla agus tuigfidh siad ábharthacht na neamhchinnteachta a chruthófar leis sin sa tuairisciú ar an ►C9  riosca ◄ /ar fheidhmíocht an ghnó;

(b) 

déanfaidh institiúidí na hionchuir mhargaidh a fhoinsiú, nuair is féidir, i gcomhréir le praghsanna an mhargaidh, agus déanfaidh siad measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá ionchuir mhargaidh an tsuímh áirithe a bhfuil luach á chur air agus ar pharaiméadair na samhla agus déanfar é sin go minic;

(c) 

nuair a bheidh fáil orthu, bainfidh institiúidí úsáid as modheolaíochtaí luachála atá glactha mar chleachtas ar an margadh i gcás ionstraimí nó tráchtearraí airgeadais áirithe;

(d) 

i gcás gurb í an institiúid féin a fhorbraíonn an tsamhail, beidh sí bunaithe ar thoimhdí iomchuí, a bhfuil measúnú déanta orthu agus a bhfuil a ndúshlán tugtha ag páirtithe atá cáilithe go cuí agus atá neamhspleách ar an bpróiseas forbartha;

(e) 

beidh nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm ag institiúidí chun athruithe a rialú agus beidh cóip shlán den tsamhail ina seilbh acu agus úsáidfear í go tréimhsiúil chun luachálacha a sheiceáil;

(f) 

tabharfar faoi deara i mbainistíocht ►C9  riosca ◄ na laigeachtaí atá ag na samhlacha atá in úsáid agus conas is féidir na laigeachtaí sin a léiriú san aschur luachála; agus

(g) 

beidh samhlacha institiúidí faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil chun cruinneas a bhfeidhmíochta a chinneadh, agus áireofar leis sin measúnú ar cé chomh hoiriúnach is atá na toimhdí ar bhonn leanúnach, anailís ar bhrabús agus ar chaillteanas i gcoinne fachtóirí priacail, luachanna glanta cuntais iarbhír a chur i gcomparáid le haschuir na samhla.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, ceapfar nó formheasfar an tsamhail go neamhspleách ar na deasca trádála agus déanfar tástáil neamhspleách uirthi, lena n-áirítear bailíochtú ar an matamaitic, ar na toimhdí agus ar chur chun feidhme na mbogearraí.

Airteagal 105 8.
Déanfaidh institiúidí fíorú neamhspleách ar phraghsanna anuas ar mharcáil laethúil ón margadh nó marcáil de réir samhla. Déanfaidh duine nó aonad a bheidh neamhspleách ar dhaoine nó ar aonaid a fhaigheann buntáiste ón leabhar trádála fíorú ar phraghsanna an mhargaidh agus ar ionchuir na samhla, agus déanfar é sin uair amháin sa mhí ar a laghad, nó níos minice ag brath ar an gcineál margaidh nó gníomhaíochta trádála. I gcás nach bhfuil foinsí praghsála neamhspleácha ar fáil nó go bhfuil foinsí praghsála níos suibiachtúla, féadfaidh bearta stuama amhail coigeartuithe ar an luacháil níos oiriúnaí.
Airteagal 105 9.
Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartuithe ar luachálacha a bhreithniú a bhunú agus a choimeád ar bun.
Airteagal 105 10.
Breithneoidh institiúidí go foirmiúil na coigeartuithe seo a leanas ar luacháil: raonta difríochta creidmheasa neamhthuillte, costais ghlanta cuntais, priacail oibriúcháin, neamhchinnteacht phraghas an mhargaidh, luathfhoirceannadh, costais infheistíochta agus chistithe, costais riaracháin todhchaí agus, nuair is ábhartha, ►C9  riosca ◄ de bharr samhaltaithe.
Airteagal 105 11.

Déanfaidh institiúidí nósanna imeachta chun coigeartú don luacháil reatha ar aon suímh bheagleachtacha a ríomh a bhunú agus a choimeád ar bun, ar suímh iad ar féidir leo go háirithe teacht ó theagmhais ar an margadh nó cásanna a bhaineann le hinstitiúid amhail suímh chomhchruinnithe agus/nó suímh a bhfuil an tréimhse shealbhaíochta a bhí leagtha amach dóibh ag an tús sáraithe. Déanfaidh institiúidí, más gá, coigeartuithe den sórt sin anuas ar aon athruithe ar luach an tsuímh a bheidh riachtanach chun críocha tuairiscithe airgeadais agus dearfar coigeartuithe den sórt sin mar léiriú ar neamhleachtacht an tsuímh. Faoi na nósanna imeachta sin, breithneoidh institiúidí roinnt fachtóirí nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil gá le coigeartú luachála ar shuímh bheagleachtacha. Áirítear leis na fachtóirí sin:

▼M8

(a) 

an méid breise ama a thógfadh sé an suíomh nó na ►C12  riosca ◄ laistigh den suíomh sin a fhálú amach i ndiaidh na dtréimhsí leachtachta a sannadh d'fhachtóirí ►C12  riosca ◄ an tsuímh i gcomhréir le hAirteagal 325bd;

▼B

(b) 

luaineacht agus meán raonta difríochta tairisceana/atairisceana;

(c) 

infhaighteacht na gcuótaí margaidh (líon agus céannacht na gcruthaitheoirí margaidh) agus luaineacht agus meán na méideanna trádála lena n-áirítear méideanna trádála le linn tréimhsí struis sa mhargadh;

(d) 

comhdhlúthacht an mhargaidh;

(e) 

aosú na suíomh;

(f) 

a mhéid a bhíonn luacháil ag brath ar mharcáil de réir samhla;

(g) 

an tionchar a bhíonn ag priacail eile de bharr samhaltaithe.

Airteagal 105 12.
Agus luachálacha tríú páirtí nó marcáil de réir samhla á n-úsáid, breithneoidh institiúidí cibé a chuirfidh nó nach gcuirfidh siad coigeartú i bhfeidhm maidir le luacháil. Ina theannta sin, breithneoidh institiúidí an bhfuil gá le coigeartuithe a bhunú do shuímh bheagleachtacha agus déanfaidh siad athbhreithniú leanúnach ar a n-oiriúnacht leantach. Déanfaidh institiúidí measúnú sainráite freisin ar an ngá atá le coigeartuithe luachála a bhaineann le neamhchinnteacht ionchuir pharaiméadair a úsáideann samhlacha.
Airteagal 105 13.
Maidir le táirgí casta, lena n-áirítear ►C9  neamhchosaintí ◄ urrúsaithe agus na díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain, déanfaidh institiúidí measúnú sainráite ar an ngá le coigeartuithe ar luacháil mar léiriú ar an ►C9  riosca ◄ de bharr samhaltaithe a bhaineann le modheolaíocht luachála a d'fhéadfadh a bheith mícheart a úsáid agus an ►C9  riosca ◄ de bharr samhaltaithe a bhaineann le paraiméadair chalabraithe dhobhraite (agus b'fhéidir mícheart) a úsáid sa tsamhail luachála.
Airteagal 105 14.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha ar dá réir a chuirfear ceanglais Airteagal 105 i bhfeidhm chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas