+Airteagal 106 7.

Airteagal 106 7.

I gcás ina ndéanann institiúid fálú maidir le neamhchosaint ar riosca coigeartaithe ar luacháil creidmheasa (CVA) trí ionstraim dhíorthach a úsáid a rinne sí lena leabhar trádála, aithneofar an suíomh san ionstraim dhíorthach sin mar fhálú inmheánach don neamhchosaint ar riosca CVA chun na ceanglais cistí dílse a ríomh do riosca CVA i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 383 nó 384, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

aithnítear an suíomh díorthach mar fhálú incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386;

(b) 

i gcás ina bhfuil an suíomh díorthach faoi réir aon cheann de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325c(2), pointe (b) nó (c), nó in Airteagal 325e(1), pointe (c), fritháiríonn an institiúid go hiomlán riosca margaidh an tsuímh dhíorthaigh sin trí shuíomhanna urchomhaireacha a dhéanamh le tríú páirtithe.

Áireofar suíomh leabhair trádála urchomhaireach an fhálaithe inmheánaigh a aithnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i leabhar trádála na hinstitiúide chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas