|
+Airteagal 108 5. |
Airteagal 108 5.Chun críocha mhír 4, féadfar iasachtaí dá dtagraítear sa mhír sin a láimhseáil mar neamhchosaintí arna n-urrú le morgáiste ar réadmhaoin chónaithe, in ionad iad a láimhseáil mar neamhchosaintí ráthaithe, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
maidir le neamhchosaint a láimhseáiltear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, comhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na ceanglais a bheidh le sannadh don aicme neamhchosanta um Chur Chuige Caighdeánaithe “neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe” de bhun Airteagail 124 agus 125 ach amháin nach bhfuil morgáiste ag an institiúid a cheadóidh an iasacht ar an réadmhaoin chónaithe;
(b)
i gcás neamhchosaint a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB, comhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na ceanglais a bheidh le sannadh don aicme neamhchosanta IRB “neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe” dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d)(ii), ach amháin nach bhfuil morgáiste ag an institiúid a cheadóidh an iasacht ar an réadmhaoin chónaithe;
(c)
níl aon lian morgáiste ar an réadmhaoin chónaithe nuair a cheadaítear an iasacht agus i gcás iasachtaí a ceadaíodh ón 1 Eanáir 2014, tá an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan aon lian morgáiste a cheadú gan toiliú ón institiúid a cheadaigh an iasacht an chéad uair;
(d)
is soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 é an soláthraí cosanta, agus tá measúnú creidmheasa ag an soláthraí sin a rinne IMCS ainmnithe a chomhfhreagraíonn do chéim cáilíochta creidmheasa 1 nó 2;
(e)
is institiúid nó eintiteas earnála airgeadais é an soláthraí cosanta atá faoi réir na gcístí dílse atá inchomparáide leo sin is infheidhme maidir le hinstitiúidí nó gnóthais árachais;
(f)
bhunaigh an soláthraí cosanta comhchiste ráthaíochta lánchistithe nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais riosca creidmheasa a sheasamh, agus déanfaidh a údarás inniúil calabrú an chiste sin a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil agus déanfar tástáil thréimhsiúil struis, gach re bliain ar a laghad;
(g)
tá an institiúid cumhachtaithe, go conarthach agus go dlíthiúil, morgáiste a ghlacadh ar an réadmhaoin chónaithe i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí cosanta a oibleagáidí faoin ráthaíocht a chuirtear ar fáil, nó i gcás nach féidir leis nó léi iad a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|