+Airteagal 108 Teicnící um maolú riosca creidmheasa a úsáid faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoi Chur Chuige IRB le haghaidh riosca creidmheasa agus riosca caolúcháin
---+Airteagal 108 1.
---+Airteagal 108 2.
---+Airteagal 108 3.
---+Airteagal 108 4.
---+Airteagal 108 5.
---+Airteagal 108 6.

Airteagal 108 Teicnící um maolú riosca creidmheasa a úsáid faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus faoi Chur Chuige IRB le haghaidh riosca creidmheasa agus riosca caolúcháin

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 108 1.
Maidir le neamhchosaint a gcuireann institiúid an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 2 nó a gcuireann sí Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith faoi Chaibidil 3 ach gan a cuid meastachán féin ar chaillteanas i gcás LGD a úsáid faoi Airteagal 143, féadfaidh an institiúid éifeacht cosanta creidmheasa cistithe a chur san áireamh i gcomhréir le Caibidil 4 nuair a bheidh sí ag ríomh méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca chun críocha Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g), agus, i gcás inarb ábhartha, méideanna caillteanais ionchasaigh chun críocha an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (d), agus in Airteagal 62, pointe (d).
Airteagal 108 2.
Maidir le neamhchosaint a gcuirfidh institiúid Cur Chuige IRB i bhfeidhm ina leith trína cuid meastachán LGD féin a úsáid faoi Airteagal 143, féadfaidh an institiúid éifeacht cosanta creidmheasa cistithe a chur san áireamh i gcomhréir le Caibidil 3 nuair a bheidh méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca á ríomh chun críocha Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g), agus, i gcás inarb ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh chun críocha an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (d), agus Airteagal 62, pointe (d).
Airteagal 108 3.
I gcás ina gcuireann institiúid Cur Chuige IRB i bhfeidhm trína meastacháin féin ar LGD a úsáid faoi Airteagal 143 le haghaidh na neamhchosanta bunaidh agus le haghaidh neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta araon, féadfaidh an institiúid éifeacht cosanta creidmheasa neamhchistithe a chur san áireamh i gcomhréir le Caibidil 3 agus méideanna na neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca á ríomh chun críoch Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g), agus, i gcás inarb ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh chun críoch an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 36(1), pointe (d), agus Airteagal 62, pointe (d). I ngach cás eile, chun na gcríoch sin, féadfaidh an institiúid éifeacht cosanta creidmheasa neamhchistithe a chur san áireamh agus méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh á ríomh i gcomhréir le Caibidil 4.
Airteagal 108 4.

Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 5, féadfar údaráis iasachtaí do dhaoine nádúrtha a mheas mar neamhchosaintí arna n-urrú le morgáiste ar réadmhaoin chónaithe, in ionad iad a láimhseáil mar neamhchosaintí ráthaithe, chun críocha Theideal II, Caibidlí 2, 3 agus 4, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas do na hiasachtaí sin i mBallstát:

(a) 

maidir le formhór na n-iasachtaí le daoine nádúrtha chun réadmhaoin chónaithe a cheannach sa Bhallstát sin, ní chuirtear iad ar fáil mar mhorgáistí i bhfoirm dhlíthiúil;

(b) 

maidir le formhór na n-iasachtaí le daoine nádúrtha chun réadmhaoin chónaithe a cheannach sa Bhallstát sin, déanann soláthraí cosanta iad a ráthú le measúnú creidmheasa ó IMCS ainmnithe a chomhfhreagraíonn do chéim cáilíochta creidmheasa 1 nó 2, a éilítear chun an institiúid a aisíoc go hiomlán i gcás mhainneachtain an iasachtaí bhunaidh;

(c) 

tá an ceart dlíthiúil ag an institiúid morgáiste a ghlacadh ar an réadmhaoin chónaithe i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí cosanta dá dtagraítear i bpointe (b) a oibleagáidí faoin ráthaíocht a cuireadh ar fáil, nó i gcás nach féidir leis nó léi iad a chomhlíonadh.

Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, bpointí (a), (b) agus (c), den mhír seo i gcríocha náisiúnta a gcuid dlínsí, agus soláthróidh siad ainmneacha na soláthraithe cosanta a bheidh incháilithe don láimhseáil sin lena gcomhlíonfar coinníollacha na míre seo agus mhír 5.

Foilseoidh ÚBE an liosta de na soláthraithe cosanta incháilithe uile sin ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta gach bliain.

Airteagal 108 5.

Chun críocha mhír 4, féadfar iasachtaí dá dtagraítear sa mhír sin a láimhseáil mar neamhchosaintí arna n-urrú le morgáiste ar réadmhaoin chónaithe, in ionad iad a láimhseáil mar neamhchosaintí ráthaithe, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

maidir le neamhchosaint a láimhseáiltear faoin gCur Chuige Caighdeánaithe, comhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na ceanglais a bheidh le sannadh don aicme neamhchosanta um Chur Chuige Caighdeánaithe “neamhchosaintí arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe” de bhun Airteagail 124 agus 125 ach amháin nach bhfuil morgáiste ag an institiúid a cheadóidh an iasacht ar an réadmhaoin chónaithe;

(b) 

i gcás neamhchosaint a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB, comhlíonann an neamhchosaint gach ceann de na ceanglais a bheidh le sannadh don aicme neamhchosanta IRB “neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe” dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (d)(ii), ach amháin nach bhfuil morgáiste ag an institiúid a cheadóidh an iasacht ar an réadmhaoin chónaithe;

(c) 

níl aon lian morgáiste ar an réadmhaoin chónaithe nuair a cheadaítear an iasacht agus i gcás iasachtaí a ceadaíodh ón 1 Eanáir 2014, tá an t-iasachtaí faoi cheangal conarthach gan aon lian morgáiste a cheadú gan toiliú ón institiúid a cheadaigh an iasacht an chéad uair;

(d) 

is soláthraí cosanta incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 201 é an soláthraí cosanta, agus tá measúnú creidmheasa ag an soláthraí sin a rinne IMCS ainmnithe a chomhfhreagraíonn do chéim cáilíochta creidmheasa 1 nó 2;

(e) 

is institiúid nó eintiteas earnála airgeadais é an soláthraí cosanta atá faoi réir na gcístí dílse atá inchomparáide leo sin is infheidhme maidir le hinstitiúidí nó gnóthais árachais;

(f) 

bhunaigh an soláthraí cosanta comhchiste ráthaíochta lánchistithe nó cosaint choibhéiseach do ghnóthais árachais chun caillteanais riosca creidmheasa a sheasamh, agus déanfaidh a údarás inniúil calabrú an chiste sin a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil agus déanfar tástáil thréimhsiúil struis, gach re bliain ar a laghad;

(g) 

tá an institiúid cumhachtaithe, go conarthach agus go dlíthiúil, morgáiste a ghlacadh ar an réadmhaoin chónaithe i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí cosanta a oibleagáidí faoin ráthaíocht a chuirtear ar fáil, nó i gcás nach féidir leis nó léi iad a chomhlíonadh.

Airteagal 108 6.
Institiúidí a úsáideann an rogha dá bhforáiltear i mír 4 le haghaidh soláthraí cosanta incháilithe ar leith faoin sásra dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh siad é sin dá gcuid neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha uile arna ráthú ag an soláthraí cosanta sin faoin sásra sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas