|
+Airteagal 113 6. |
Airteagal 113 6.►M17 Cé is moite de neamhchosaintí as a dtagann ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Chaipiteal Breise Leibhéal 1 nó Chaipiteal Leibhéal 2, féadfaidh institiúid, faoi réir faomhadh na n-údarás inniúil a fháil roimh ré, cinneadh a dhéanamh gan ceanglais mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí na hinstitiúide sin ar chontrapháirtí arb é a máthairghnóthas, a fochuideachta, fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha leis an institiúid trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE é. Tá sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla faomhadh a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: ◄
(a)
is institiúid nó institiúid airgeadais atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí é an contrapháirtí;
(b)
tá an contrapháirtí ar áireamh sa chomhdhlúthú céanna leis an institiúid ar bhonn iomlán;
(c)
tá an contrapháirtí faoi réir ag an meastóireacht chéanna ar priacail, agus ag na nósanna imeachta tomhais agus rialaithe céanna leis an institiúid;
(d)
tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an institiúid;
(e)
níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an institiúid. I gcás ina bhfuil institiúid údaraithe, i gcomhréir leis an mír seo, gan ceanglais mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % a shannadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|