+Airteagal 115 ►C9Neamhchosaintí◄ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla
---+Airteagal 115 -1.
---+Airteagal 115 1.
---+Airteagal 115 2.
---+Airteagal 115 3.
---+Airteagal 115 4.
---+Airteagal 115 5.

Airteagal 115 ►C9Neamhchosaintí◄ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 115 -1.

I gcás neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir le Tábla 1 a chomhfhreagraíonn don mheasúnú creidmheasa a rinne an IMCS i gcomhréir le hAirteagal 136.



Tábla 1

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú riosca

20 %

50 %

50 %

100 %

100 %

150 %

Airteagal 115 1.

I gcás neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ualú riosca a shannadh dóibh i gcomhréir leis an gcéim cáilíochta creidmheasa a bhfuil neamhchosaintí ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla corpraithe sannta di i gcomhréir le Tábla 2.



Tábla 2

Céim na cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

Ualú riosca

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

Maidir leis na neamhchosaintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar ualú riosca 100 % a shannadh i gcás ina bhfuil rialtas láir na dlínse ina bhfuil rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla ionchorpraithe gan rátáil.

Airteagal 115 2.
►M17  De mhaolú ar mhíreanna - 1 agus 1, déanfar neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar neamhchosaintí ar an rialtas láir sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht ó thaobh riosca idir na neamhchosaintí sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag na rialtais réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla, agus toisc go bhfuil socruithe institiúideacha sonracha ann a bhfuil sé d’éifeacht acu a riosca mainneachtana a laghdú. ◄

Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil don phobal ina mbeidh na rialtais réigiúnacha uile agus na húdaráis áitiúla uile san Aontas a dhéanann na húdaráis inniúla ábhartha a láimhseáil mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar a rialtais lárnacha.

Airteagal 115 3.
Déanfar neamhchosaintí ar eaglaisí nó ar phobail reiligiúnacha arna gcomhdhéanamh i bhfoirm duine dhlítheanaigh faoin dlí poiblí, a mhéid is go mbailíonn siad cánacha i gcomhréir le gníomhartha dlí lena dtugtar de cheart dóibh sin a dhéanamh, a láimhseáil mar neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha agus ar údaráis áitiúla. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 2.
Airteagal 115 4.
►M17  De mhaolú ar mhíreanna - 1 agus 1, i gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla tríú tír a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla a láimhseáil mar neamhchosaintí ar a rialtas láir féin agus nach bhfuil difríocht ar bith ó thaobh riosca idir na neamhchosaintí sin toisc go bhfuil cumhachtaí sonracha tiomsaithe ioncaim ag an rialtas réigiúnach nó ag údaráis áitiúla agus mar gheall ar shocruithe institiúideacha sonracha chun an riosca mainneachtana a laghdú, féadfaidh institiúidí neamhchosaintí ar na rialtais réigiúnacha agus ar na húdaráis áitiúla sin a ualú ar an tslí chéanna ó thaobh riosca. ◄

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

Airteagal 115 5.
De mhaolú ar mhíreanna - 1 agus 1, déanfar ualú riosca 20 % a shannadh do neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát nach dtagraítear dóibh i míreanna 2, 3 agus 4 agus atá ainmnithe agus cistithe in airgeadra intíre an rialtais réigiúnaigh nó an údaráis áitiúil sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas