+Airteagal 116 ►C9Neamhchosaintí◄ar eintitis san earnáil phoiblí
---+Airteagal 116 1.
---+Airteagal 116 2.
---+Airteagal 116 3.
---+Airteagal 116 4.
---+Airteagal 116 5.

Airteagal 116 ►C9Neamhchosaintí◄ar eintitis san earnáil phoiblí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 116 1.

I gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith, déanfar ►C9  ualach riosca ◄ a shannadh dóibh de réir na céime cáilíochta creidmheasa a bhfuil ►C9  neamhchosaintí ◄ ar rialtas láir na dlínse ina bhfuil an t-eintiteas sin den earnáil phoiblí corpraithe sannta dó i gcomhréir le Tábla 2 seo a leanas:



Tábla 2

Céim cáilíochta creidmheasa a bhfuil an rialtas láir sannta dó

1

2

3

4

5

6

►C9  ualach riosca ◄

20 %

50 %

100 %

100 %

100 %

150 %

I gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí atá corpraithe i dtíortha ina bhfuil an rialtas láir gan rátáil, beidh an t- ►C9  ualach riosca ◄ cothrom le 100 %.

Airteagal 116 2.
Déanfar neamhchosaintí ar eintitis earnála poiblí a bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 115(-1).
Airteagal 116 3.
I gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí a bhfuil aibíocht bhunaidh trí mhí nó níos giorra ag gabháil leo, beidh an t-ualú ►C9  riosca ◄ cothrom le 20 %.
Airteagal 116 4.
I gcúinsí eisceachtúla, féadfar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar an rialtas láir, ar an rialtas réigiúnach nó ar an údarás áitiúil sin a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse i gcás nach bhfuil aon difríocht, i dtuairim údaráis inniúla na dlínse sin, ó thaobh ►C9  riosca ◄ idir ►C9  neamhchosaintí ◄ den sórt sin toisc go bhfuil ráthaíocht iomchuí ann ón rialtas láir, ón rialtas réigúnach nó ón údarás áitiúil.

Coimeádfaidh ÚBE bunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí d’eintitis earnála poiblí uile laistigh den Aontas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 116 5.
I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla i ndlínse tríú tír, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo sin san Aontas Eorpach, ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis san earnáil phoiblí a láimhseáil i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, féadfaidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ a chur i bhfeidhm maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ ar eintitis den sórt sin san earnáil phoiblí ar an tslí chéanna. Mura ndéantar é sin, cuirfidh na hinstitiúidí ►C9  ualach riosca ◄ de 100 % i bhfeidhm.

Chun críocha na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme a úsáid, agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh maidir lena gcuirfidh tríú tír socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. In éagmais cinnidh den sórt sin, féadfaidh institiúidí leanúint den láimhseáil atá leagtha amach sa mhír seo a chur i bhfeidhm, go dtí an 1 Eanáir 2015, maidir leis an tríú tír ina bhfuil an tríú tír sin faofa ag na húdaráis inniúla iomchuí mar thír atá incháilithe don láimhseáil sin roimh an 1 Eanáir 2014.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas