+Airteagal 122a 1.

Airteagal 122a 1.

Laistigh den aicme neamhchosanta ar chorparáidí dá dtagraítear in Airteagal 112, pointe (g), déanfaidh institiúidí neamhchosaintí a bhfuil na tréithe uile seo a leanas acu a shainaithint ar leithligh mar neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe:

(a) 

is neamhchosaint ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiceacha a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is neamhchosaint í atá inchomparáide go heacnamaíoch le neamhchosaint mar sin;

(b) 

níl baint ag an neamhchosaint le maoiniú réadmhaoine cónaithe nó réadmhaoine dochorraithe tráchtála agus tá sí laistigh de na sainmhínithe ar mhaoiniú réada, ar mhaoiniú tionscadail nó ar neamhchosaintí ar mhaoiniú tráchtearraí a leagtar síos i mír 3;

(c) 

tugann na socruithe conarthacha lena rialaítear an oibleagáid a bhaineann leis an neamhchosaint smacht áirithe don institiúid ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;

(d) 

is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide a bhaineann leis an neamhchosaint ná an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní atá á maoiniú, seachas an acmhainneacht neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas