+Airteagal 123 Neamhchosaintí miondíola
---+Airteagal 123 1.
---+Airteagal 123 2.
---+Airteagal 123 3.
---+Airteagal 123 4.
---+Airteagal 123 5.
|
Airteagal 123 Neamhchosaintí miondíola
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 123 1.
|
Measfar gur neamhchosaintí miondíola iad neamhchosaintí a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:
(a)
baineann an neamhchosaint le duine nádúrtha amháin nó níos mó nó le FBM;
(b)
ní mó ná EUR 1 mhilliún an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid, dá máthairghnóthais agus dá fochuideachtaí, ón oibleagáideoir nó ón ngrúpa cliant nasctha, lena n-áirítear aon neamhchosaint ar mainneachtain ach gan neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe suas go dtí an luach réadmhaoine san áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, a dhéanfaidh bearta réasúnta chun an cás a dheimhniú;
(c)
is é atá sa neamhchosaint ceann amháin de líon suntasach neamhchosaintí a mbeidh tréithe comhchosúla acu, sa mhéid is go laghdaítear go mór na rioscaí a bhaineann leis na neamhchosaintí sin;
(d)
láimhseálann an institiúid lena mbaineann an neamhchosaint ina creat bainistíochta riosca agus bainistíonn sí an neamhchosaint go hinmheánach mar neamhchosaint mhiondíola go comhleanúnach thar am agus ar bhealach a bheidh cosúil leis an láimhseáil a dhéanfaidh an institiúid ar neamhchosaintí eile miondíola.
Beidh luach reatha na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol incháilithe don aicme neamhchosanta miondíola. Ní bheidh
►C9
neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) den chéad fhomhír incháilithe mar
►C9
neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol. Faoin 10 Iúil 2025, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun modhanna comhréireacha éagsúlaithe a shonrú faoina measfar neamhchosaint mar cheann de líon suntasach neamhchosaintí comhchosúla mar a shonraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo.
|
|
Airteagal 123 2.
|
Ní mheasfar gur neamhchosaintí miondíola na neamhchosaintí seo a leanas:
(a)
neamhchosaintí neamhfhiachais a chuireann fo-éileamh iarmharach in iúl ar shócmhainní nó ioncam an eisitheora;
(b)
neamhchosaintí fiachais agus urrús eile, comhpháirtíochtaí, díorthaigh, nó uirlisí eile, a bhfuil a dtábhacht eacnamaíoch cosúil leis na neamhchosaintí atá sonraithe i bpointe (a);
(c)
gach neamhchosaint eile i bhfoirm urrús.
|
|
Airteagal 123 3.
|
Neamhchosaintí miondíola dá dtagraítear i mír 1, sannfar ualú riosca 75 % dóibh, cé is moite de neamhchosaintí oibreora, a sannfar ualú riosca 45 % dóibh.
|
|
Airteagal 123 4.
|
I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na critéir dá dtagraítear i mír 1 maidir le neamhchosaint ar dhuine nádúrtha amháin nó níos mó, measfar gur neamhchosaint mhiondíola í an neamhchosaint agus sannfar ualú riosca 100 % di.
|
|
Airteagal 123 5.
|
De mhaolú ar mhír 3, neamhchosaintí i ngeall ar iasachtaí arna ndeonú ag institiúid do phinsinéirí nó d’fhostaithe a bhfuil conradh buan acu in aghaidh aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid sin, sannfar ualú riosca 35 % dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
chun an iasacht a aisíoc, údaraíonn an t-iasachtaí go neamhchoinníollach don chiste pinsin nó don fhostóir íocaíochtaí díreacha a dhéanamh leis an institiúid trí na híocaíochtaí míosúla ar an iasacht a asbhaint as pinsean nó tuarastal míosúil an iasachtaí;
(b)
clúdaítear go cuí na rioscaí báis, éagumais chun oibre, dífhostaíochta nó laghdaithe ar phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí le polasaí árachais chun tairbhe na hinstitiúide;
(c)
ní mó ná 20 % de phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí na híocaíochtaí míosúla atá le déanamh ag an iasachtaí ar na hiasachtaí uile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b);
(d)
tá uastréimhse aibíochta bunaidh na hiasachta cothrom le 10 mbliana nó níos giorra ná sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|