+Airteagal 123 5.

Airteagal 123 5.

De mhaolú ar mhír 3, neamhchosaintí i ngeall ar iasachtaí arna ndeonú ag institiúid do phinsinéirí nó d’fhostaithe a bhfuil conradh buan acu in aghaidh aistriú neamhchoinníollach cuid de phinsean nó de thuarastal an iasachtaí chuig an institiúid sin, sannfar ualú riosca 35 % dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

chun an iasacht a aisíoc, údaraíonn an t-iasachtaí go neamhchoinníollach don chiste pinsin nó don fhostóir íocaíochtaí díreacha a dhéanamh leis an institiúid trí na híocaíochtaí míosúla ar an iasacht a asbhaint as pinsean nó tuarastal míosúil an iasachtaí;

(b) 

clúdaítear go cuí na rioscaí báis, éagumais chun oibre, dífhostaíochta nó laghdaithe ar phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí le polasaí árachais chun tairbhe na hinstitiúide;

(c) 

ní mó ná 20 % de phinsean nó tuarastal glan míosúil an iasachtaí na híocaíochtaí míosúla atá le déanamh ag an iasachtaí ar na hiasachtaí uile a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b);

(d) 

tá uastréimhse aibíochta bunaidh na hiasachta cothrom le 10 mbliana nó níos giorra ná sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas