+Airteagal 123 1.

Airteagal 123 1.

Measfar gur neamhchosaintí miondíola iad neamhchosaintí a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a) 

baineann an neamhchosaint le duine nádúrtha amháin nó níos mó nó le FBM;

(b) 

ní mó ná EUR 1 mhilliún an méid iomlán a bheidh dlite don institiúid, dá máthairghnóthais agus dá fochuideachtaí, ón oibleagáideoir nó ón ngrúpa cliant nasctha, lena n-áirítear aon neamhchosaint ar mainneachtain ach gan neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe suas go dtí an luach réadmhaoine san áireamh, a mhéid is feasach don institiúid, a dhéanfaidh bearta réasúnta chun an cás a dheimhniú;

(c) 

is é atá sa neamhchosaint ceann amháin de líon suntasach neamhchosaintí a mbeidh tréithe comhchosúla acu, sa mhéid is go laghdaítear go mór na rioscaí a bhaineann leis na neamhchosaintí sin;

(d) 

láimhseálann an institiúid lena mbaineann an neamhchosaint ina creat bainistíochta riosca agus bainistíonn sí an neamhchosaint go hinmheánach mar neamhchosaint mhiondíola go comhleanúnach thar am agus ar bhealach a bheidh cosúil leis an láimhseáil a dhéanfaidh an institiúid ar neamhchosaintí eile miondíola.

Beidh luach reatha na n-íocaíochtaí léasa íosta ar mhiondíol incháilithe don aicme neamhchosanta miondíola.

Ní bheidh ►C9  neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) go (c) den chéad fhomhír incháilithe mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol.

Faoin 10 Iúil 2025, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun modhanna comhréireacha éagsúlaithe a shonrú faoina measfar neamhchosaint mar cheann de líon suntasach neamhchosaintí comhchosúla mar a shonraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), den mhír seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas