+Airteagal 124 9.

Airteagal 124 9.

Bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil, agus ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na hualuithe riosca a leagtar síos in Airteagail 125 agus 126 do neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe atá suite ar chríoch Bhallstát an údaráis sin atá bunaithe go hiomchuí ar an méid a leanas:

(a) 

caillteanas taithí na neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin dhochorraithe;

(b) 

forbairtí réamhbhreathnaitheacha sa mhargadh réadmhaoine dochorraithe.

I gcás ina mbeidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo den tuairim, bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach léireofar go leordhóthanach sna hualuithe riosca a leagtar amach in Airteagal 125 nó 126 na rioscaí iarbhír a bhaineann le neamhchosaintí maidir le deighleog amháin réadmhaoine nó maidir le níos mó deighleog réadmhaoine arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin chónaithe nó ar réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá lonnaithe i gcuid amháin nó i gcodanna de chríoch Bhallstát an údaráis sin, agus má mheasann sé go bhféadfadh neamhdhóthanacht na n-ualuithe riosca difear díobhálach a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé na hualuithe riosca is infheidhme ar na neamhchosaintí sin a mhéadú laistigh de na raonta a shocraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo nó féadfaidh sé critéir a fhorchur atá níos déine ná na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin.

Tabharfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo fógra do ÚBE agus do BERS faoi aon choigeartú ar na hualuithe riosca agus ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm de bhun na míre seo. Laistigh de mhí amháin tar éis dóibh an fógra sin a fháil, tabharfaidh ÚBE agus BERS a dtuairim don Bhallstát lena mbaineann agus féadfaidh siad a lua sa tuairim sin, i gcás inar gá, cé acu an measann siad nó nach measann siad go moltar na coigeartuithe ar ualuithe riosca agus ar chritéir do Bhallstáit eile freisin. Foilseoidh ÚBE agus BERS na hualuithe riosca agus na critéir le haghaidh neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagail 125 agus 126 agus in Airteagal 199(1), pointe (a), arna gcur chun feidhme ag an údarás ábhartha.

Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás a ainmnítear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo na hualuithe riosca a leagtar síos in Airteagal 125(1), an chéad fhomhír, in Airteagal 125(2), an chéad fhomhír, in Airteagal 126(1), an chéad fhomhír, nó in Airteagal 126(2), an chéad fhomhír, a mhéadú, nó féadfaidh sé critéir níos déine a fhorchur ná iad siúd a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo i gcás neamhchosaintí ar dheighleog réadmhaoine amháin nó níos mó arna n-urrú le morgáistí ar réadmhaoin dhochorraithe atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstáit an údaráis sin. Ní mhéadóidh an t-údarás sin na hualuithe riosca sin go breis agus 150 %.

Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo na céatadáin den luach réadmhaoine dá dtagraítear in Airteagal 125(1) nó in Airteagal 126(1), nó na céatadáin neamhchosanta agus luacha a shainíonn an buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha a leagtar amach in Airteagal 125(2), Tábla 1, nó in Airteagal 126(2), Tábla 1, a laghdú freisin. Áiritheoidh an t-údarás ábhartha comhsheasmhacht thar gach buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha, ionas gurb ísle i gcónaí an t-ualú riosca a bhaineann le buicéad ualaithe riosca neamhchosanta nó luacha níos ísle ná an t-ualú riosca a bhaineann le buicéad ualaithe riosca neamhchosanta agus luacha níos airde, nó gurb ionann iad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas