+Airteagal 132a 2.

Airteagal 132a 2.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 132(3), féadfaidh institiúidí nach bhfuil leordhóthain faisnéise acu faoi ►C12  neamhchosainti ◄ foluiteacha aonair GC chun cur chuige na trédhearcachta a úsáid, féadfaidh siad an méid ►C12  neamhchosainta ◄ , ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ , de na ►C12  neamhchosainti ◄ sin a ríomh faoi na teorainneacha a socraíodh sa dlí ábhartha agus i sainordú an GC.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na hinstitiúidí na ríomhanna, á ghlacadh leis go dtabhóidh an GC sin ar dtús ►C12  neamhchosainti ◄ go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin reachtaíocht ábhartha sna ►C12  neamhchosainti ◄ a mbaineann an ceanglas cistí dílse is airde leo agus go leanfaidh siad de bheith ag tabhú ►C12  neamhchosainti ◄ in ord íslitheach go dtí go sroichfear an uasteorainn ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán, agus go gcuirfidh an GC sin luamhánú i bhfeidhm go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear dó faoina shainordú nó faoin dlí ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

Déanfaidh institiúidí na ríomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach sa Chaibidil seo, i gCaibidil 5 den Teideal seo, agus i Roinn 3, i Roinn 4 nó i Roinn 5 de Chaibidil 6 den Teideal seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas