|
+Airteagal 132c 3. |
Airteagal 132c 3.Cinnfidh institiúidí an méid ►C12 neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C12 riosca ◄ le haghaidh ►C12 neamhchosainti ◄ lasmuigh den chlár comhardaithe a eascraíonn ó ghealltanais íosluacha i gcomhréir le mír 2 i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is ionann ►C12 neamhchosaint ◄ lasmuigh de chlár comhardaithe na hinstitiúide agus gealltanas íosluacha chun infheistíocht a dhéanamh in aonaid nó scaireanna de chuid GC amháin nó níos mó nach bhfuil oibleagáid dá réir ar an institiúid ach íocaíocht a dhéanamh de réir an ghealltanais íosluacha i gcás ina bhfuil margadhluach ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC nó na GCanna faoi bhun tairseach réamhshocraithe ag ceann amháin nó níos mó de na pointí in am, mar a shonraítear sa chonradh;
(b)
is GC é aon cheann díobh seo a leanas:
(i)
GCUI mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/65/CE; nó
(ii)
CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE nach n-infheistíonn ach in urrúis inaistrithe amháin nó i sócmhainní so-aistrithe airgeadais eile dá dtagraítear in Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE, i gcás nach gceadaítear faoi shainordú an CIM luamhánú níos airde ná mar a cheadaítear faoi Airteagal 51(3) de Threoir 2009/65/CE;
(c)
cumhdaíonn nó sáraíonn margadhluach reatha ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC is bun leis an ngealltanas íosluacha gan aird a thabhairt ar éifeacht gealltanais íosluacha atá lasmuigh den chlár comhardaithe an luach reatha atá ar an tairseach a shonraítear sa ghealltanas íosluacha;
(d)
i gcás ina laghdóidh barrachas margadhluacha ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC nó na GCanna i gcomparáid le luach reatha an ghealltanais íosluacha, féadfaidh an institiúid, nó gnóthas eile a mhéid is atá sé clúdaithe ag an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite a bhfuil an institiúid féin faoina réir, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Treoir 2013/36/AE nó Treoir 2002/87/CE, tionchar a imirt ar chomhdhéanamh ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an GC nó na GCanna nó teorainn a chur leis na féidearthachtaí maidir le laghdú breise ar an mbarrachas i slite eile;
(e)
is cliant miondíola mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é de ghnáth tairbhí deiridh díreach nó indíreach an ghealltanais íosluacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|