Beidh luach na
►C9
neamhchosanta
◄ do léasanna cothrom leis na híocaíochtaí léasa íosta lascainithe. Is é a bheidh sna híocaíochtaí léasa íosta na híocaíochtaí thar an téarma léasa a cheanglaítear nó a cheanglófar ar an léasaí a dhéanamh agus aon céadrogha ar cheannach sladmhargaidh a bhfuil a fheidhmiú réasúnta cinnte. Féadfar a cheangal ar pháirtí seachas an léasaí íocaíocht a dhéanamh a bhaineann le luach iarmharach ar mhaoin léasaithe agus comhlíonann an oibleagáid íocaíochta sin an tsraith coinníollacha in Airteagal 201 maidir le hincháilitheacht soláthraithe cosanta chomh maith leis na ceanglais chun cineálacha eile ráthaíochtaí a aithint dá bhforáiltear in Airteagail 213 go 215, agus féadfar an oibleagáid íocaíochta sin a chur san áireamh mar chosaint neamhchistithe creidmheasa faoi Chaibidil 4. Déanfar na
►C9
neamhchosaintí
◄ sin a shannadh don aicme
►C9
neamhchosanta
◄ iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 112. Nuair is luach iarmharach de shócmhainní léasaithe í an
►C9
neamhchosaint
◄ , déanfar na méideanna
►C9
neamhchosanta
◄ atá ualaithe ó thaobh
►C9
riosca
◄ a ríomh mar seo a leanas: 1/t * 100 % * an luach iarmharach, i gcás ina bhfuil t ar an méid is airde idir 1 agus an líon is gaire de bhlianta iomlána atá fágtha sa léas.