|
+Airteagal 138 Ceanglais ghinearálta |
Airteagal 138 Ceanglais ghinearáltaAirteagal 138 Ceanglais ghinearálta Féadfaidh institiúid IMCS amháin nó níos mó a ainmniú a úsáidfear chun ►C9 ualach riosca ◄ a bheidh le sannadh d'ítimí sócmhainne agus d'ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh. Féadfaidh institiúid a hainmniúchán de Ghníomhaireacht Chreidmheasa Onnmhairiúcháin a chúlghairm. Tabharfaidh institiúid bunús leis an gcúlghairm sin má tá tásca nithiúla ann gurb é atá mar aidhm bhunúsach aici na ceanglais maidir le leordhóthanacht chaipitil a laghdú. Ní úsáidfear na measúnuithe creidmheasa ar bhonn roghnaitheach. Úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa atá iarrtha. Ní fhéadfaidh sí measúnuithe creidmheasa gan iarraidh a úsáid, áfach, ach amháin má tá sé deimhnithe ag ÚBE nach bhfuil difríocht ó thaobh cáilíochta idir measúnuithe creidmheasa gan iarraidh de IMCS agus measúnuithe creidmheasa den IMCS sin atá iarrtha. Diúltóidh ÚBE nó cúlghairfidh sé an deimhniú sin go háirithe má tá measúnú creidmheasa gan iarraidh úsáidte ag an IMCS chun brú a chur ar an eintiteas rátáilte ord a chur isteach le haghaidh measúnaithe creidmheasa nó seirbhísí eile. Agus measúnú creidmheasa á úsáid, comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais seo a leanas:
(a)
maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid d'aicme áirithe ítimí, úsáidfidh sí na measúnuithe creidmheasa sin ar bhonn comhsheasmhach maidir leis na ►C9 neamhchosaintí ◄ go léir atá san aicme sin;
(b)
maidir le hinstitiúid a chinnfidh na measúnuithe creidmheasa arna ndéanamh ag IMCS a úsáid, úsáidfidh sí iad ar bhealach leanúnach agus comhsheasmhach le himeacht ama;
(c)
ní úsáidfidh institiúid ach measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS ina gcuirtear san áireamh na méideanna go léir, i bhfoirm príomhshuime agus úis, atá dlite di;
(d)
i gcás nach bhfuil ach measúnú creidmheasa amháin ar fáil ó IMCS ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, úsáidfear an measúnú creidmheasa sin chun an ►C9 t-ualach riosca ◄ don ítim sin a chinneadh;
(e)
(f)
i gcás ina bhfuil níos mó ná dhá mheasúnú creidmheasa ar fáil ó IMCSanna ainmnithe a bhaineann le hítim rátáilte, tagrófar don dá mheasúnú a ghineann an dá ►C9 ualach riosca ◄ is ísle. Má tá an dá ►C9 ualach riosca ◄ is ísle éagsúil, déanfar an ►C9 t-ualach riosca ◄ is airde díobh a shannadh. Más ionann an dá ►C9 ualach riosca ◄ is ísle, déanfar an ►C9 t-ualach riosca ◄ sin a shannadh;
(g)
i gcás neamhchosaintí ar institiúidí, ní úsáidfidh institiúid measúnú creidmheasa IMCS a ionchorpraíonn toimhdí de thacaíocht rialtais intuigthe, ach amháin má thagraítear i measúnú creidmheasa IMCS faoi seach d’institiúid faoi úinéireacht nó atá bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla. Chun críocha na chéad mhíre, pointe (g), i gcás institiúidí seachas institiúidí atá faoi úinéireacht nó bunaithe agus urraithe ag rialtais láir, rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla, nach bhfuil ann ina leith ach measúnuithe creidmheasa IMCS a ionchorpraíonn toimhdí de thacaíocht rialtais intuigthe, déanfar neamhchosaintí ar institiúidí den sórt sin a láimhseáil mar neamhchosaintí ar institiúidí gan rátáil i gcomhréir le hAirteagal 121. Ciallaíonn “tacaíocht rialtais intuigthe” go ndéanfadh an rialtas láir, an rialtas réigiúnach nó an t-údarás áitiúil gníomhú chun creidiúnaithe na hinstitiúide a chosc ar chaillteanais a thabhú i gcás mhainneachtain nó bhrú na hinstitiúide. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|