+Airteagal 147 8.

Airteagal 147 8.

Laistigh d'aicme na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar chorparáidí atá leagtha amach i bpointe (c) de mhír 2, déanfaidh institiúidí ►C9  neamhchosaintí ◄ a bhfuil na tréithe seo a leanas acu a aithint ar leithligh mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar iasachtú speisialaithe:

(a) 

is ►C9  neamhchosaint ◄ ar eintiteas a cruthaíodh go sonrach chun sócmhainní fisiciúla a mhaoiniú nó a oibriú atá i gceist nó is ►C9  neamhchosaint ◄ í atá inchomparáide go heacnamaíoch;

(b) 

tugann na socruithe conarthacha roinnt mhaith rialaithe don iasachtóir ar na sócmhainní agus ar an ioncam a ghintear leo;

(c) 

is é príomhfhoinse aisíocaíochta na hoibleagáide an t-ioncam a ghintear leis na sócmhainní a bheith maoinithe, seachas an cumas neamhspleách atá ag fiontar tráchtála níos leithne.

Sannfar na neamhchosaintí sin don aicme neamhchosanta dá dtagraítear i mír 2, pointe (c)(ii), agus déanfar iad a chatagóiriú mar a leanas: “maoiniú tionscadail” (PF), “maoiniú réada” (OF), “maoiniú tráchtearraí” (CF) agus “réadmhaoin a ghineann ioncam” (IPRE).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas