+Airteagal 154 Méideanna►C9neamhchosanta◄atá ualaithe ó thaobh►C9riosca◄i gcás►C9neamhchosaintí◄ar mhiondíol
---+Airteagal 154 1.
---+Airteagal 154 3.
---+Airteagal 154 4.
---+Airteagal 154 5.
---+Airteagal 154 6.
---+Airteagal 154 7.

Airteagal 154 Méideanna►C9neamhchosanta◄atá ualaithe ó thaobh►C9riosca◄i gcás►C9neamhchosaintí◄ar mhiondíol

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 154 1.

Déanfar méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ i gcás ►C9  neamhchosanta ◄ ar mhiondíol a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

image

mar a bhfuil an ►C9  t-ualach riosca ◄ RW arna shainiú mar a leanas:

(i) 

má tá PD = 1, i.e. le haghaidh ►C9  neamhchosaintí ◄ a mhainnigh, beidh RW amhail le

image

;

mar a mbeidh ELBE ionann leis an meastachán is fearr atá ag an institiúid ar chaillteanas ionchasach don ►C9  neamhchosanta ◄ mhainnigh i gcomhréir le hAirteagal 181(1)(h);

▼M17

(ii) 

má tá PD < 1:

image

i gcás inarb amhlaidh:

N

= an fheidhm dáileacháin charnaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. tá N(x) cothrom leis an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta de mheán 0 agus d’athraitheas 1 níos lú ná, nó cothrom le, x;

G

= an fheidhm dáileacháin charnaigh inbhéartaigh d'athróg randamach normálta chaighdeánach, i.e. má tá x = G(z), is é x an luach sa chaoi is go bhfuil N(x) = z;

R

= an chomhéifeacht comhghaolúcháin, arna sainiú mar:

image

Airteagal 154 3.
I gcás neamhchosaintí miondíola nach bhfuil ar mainneachtain agus atá arna n-urrú nó arna n-urrú go páirteach le réadmhaoin chónaithe, cuirfear 0,15 de chomhéifeacht comhghaolúcháin R in ionad an fhigiúir a thagann ón bhfoirmle comhéifeachta comhghaolúcháin i mír 1.

Déanfar an t-ualú riosca arna ríomh maidir le neamhchosaint arna hurrú go páirteach le réadmhaoin chónaithe de bhun mhír 1, pointe (ii), agus comhéifeacht comhghaolúcháin R mar a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo á cur san áireamh, a chur i bhfeidhm maidir leis an gcuid urraithe agus leis an gcuid neamhurraithe den neamhchosaint sin araon.

Airteagal 154 4.
I gcás QRREnna nach bhfuil ar mainneachtain, cuirfear comhéifeacht comhghaolúcháin R de 0,04 in ionad an fhigiúir a thagann ón bhfoirmle comhéifeachta comhghaolúcháin i mír 1.

Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú ar luaineacht choibhneasta na rátaí caillteanais ar fud QRREnna a bhaineann leis an gcineál céanna neamhchosaintí, agus ar fud na haicme neamhchosanta QRRE comhiomlán, agus déanfaidh siad faisnéis maidir le gnáth-shaintréithe rátaí an chaillteanais cháilithigh imrothlaigh ar mhiondíol a roinnt leis na Ballstáit agus le ÚBE.

Airteagal 154 5.

Le bheith incháilithe don láimhseáil mhiondíola, comhlíonfaidh na hearraí infhaighte ceannaithe na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 184 agus na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

cheannaigh an institiúid na hearraí infhaighte ó dhíoltóirí tríú páirtí neamhghaolmhara, agus ní áirítear lena ►C9  neamhchosaint ◄ ar oibleagáideoir an earra infhaighte aon ►C9  neamhchosaintí ◄ arna dtionscnamh go díreach nó go hindíreach ag an institiúid féin;

(b) 

ginfear na hearraí infhaighte ceannaithe ar neamhthuilleamaí idir an díoltóir agus an t-oibleagáideoir. Dá bhrí sin, ní bheidh cuntais infhála idir chuideachtaí ná earraí infhaighte faoi réir ag cuntais chontra idir gnólachtaí a cheannaíonn óna chéile agus a dhíolann lena chéile incháilithe;

(c) 

tá éileamh ag an institiúid cheannaigh ar gach fáltas ó na hearraí infhaighte ceannaithe nó tá ús pro-rata aici sna fáltais; agus

(d) 

tá punann na n-earraí infhaighte ceannaithe éagsúlaithe a dhóthain.

Airteagal 154 6.
Maidir le hearraí infhaighte ceannaithe miondíola, lascainí ceannaigh inaisíoctha, ráthaíochtaí comhthaobhachta nó páirteacha a thugann cosaint chreidmheasa chéadchaillteanais ar chaillteanais mhainneachtana, caillteanais chaolúcháin, nó an dá chineál caillteanais sin, féadfaidh ceannaitheoir na n-earraí infhaighte iad a láimhseáil mar chosaint chéadchaillteanais i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3 de Chaibidil 5. An díoltóir a sholáthraíonn an lascaine ceannaigh inaisíoctha agus an té a sholáthraíonn ráthaíocht comhthaobhachta nó ráthaíocht páirteach, déanfaidh siad iad a láimhseáil mar risíocht ar shuíomh céadchaillteanais i gcomhréir le Foroinn 2 agus Foroinn 3 de Roinn 3 de Chaibidil 5.
Airteagal 154 7.
Maidir le comhthiomsuithe hibrideacha d'earraí infhaighte miondíola ceannaithe, i gcás nach féidir le hinstitiúidí ceannaigh ►C9  neamhchosaintí ◄ arna n-urrú le comhthaobhacht maoine dochorraithe agus ►C9  neamhchosaintí ◄ imrothlacha cáilitheacha ar mhiondíol a scaradh ó ►C9  neamhchosaintí ◄ eile ar mhiondíol, beidh feidhm maidir leis na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin ag an bhfeidhm ualaithe ►C9  riosca ◄ ar mhiondíol a tháirgeann na ceanglais cistí dílse is airde.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas