+Airteagal 162 Aibíocht
---+Airteagal 162 1.
---+Airteagal 162 2.
---+Airteagal 162 3.
---+Airteagal 162 4.
---+Airteagal 162 5.
---+Airteagal 162 6.
|
Airteagal 162 Aibíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 162 1.
|
I gcás neamhchosaintí nach bhfuair institiúid cead ón údarás inniúil chun a meastacháin féin ar LGD a úsáid ina leith, cuirfear an luach aibíochta (“M”) i bhfeidhm go comhsheasmhach agus socrófar é ag 2,5 bliain, ach amháin i gcás neamhchosaintí a eascraíonn as idirbhearta um maoiniú urrús, a mbeidh 0,5 bliain in M ina leith, nó, i gcásanna eile, ríomhfar luach aibíochta (“M”) i gcomhréir le mír 2.
|
|
Airteagal 162 2.
|
►M17
I gcás neamhchosaintí a gcuireann institiúid a meastacháin féin ar LGD i bhfeidhm ina leith, ríomhfar an luach aibíochta (“M”) i dtréimhsí arna sloinneadh i mblianta mar a leagtar amach sa mhír seo agus faoi réir mhíreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo. Ní bheidh M níos mó ná 5 bliana, seachas i gcásanna a shonraítear in Airteagal 384(2) áit a n-úsáidfear M mar a shonraítear ansin é. Ríomhfar M mar a leanas i ngach ceann de na cásanna seo a leanas: ◄
(a)
I gcás ionstraime atá faoi réir sceideal sreafa airgid, ríomhfar M de réir na foirmle seo a leanas:
mar a gciallaíonn CFt na sreafaí airgid (an phríomhshuim, íocaíochtaí úis agus táillí), a bhfuil oibleagáid chonarthach ar an oibleagáideoir a íoc i dtréimhse t;
(b)
i gcás díorthach atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na
►C9
neamhchosanta ◄ , mar a mbeidh aon bhliain amháin ar a laghad in M, agus úsáidfear méid barúlach gach
►C9
neamhchosanta ◄ chun an aibíocht a ualú;
(c)
i gcás
►C9
neamhchosaintí ◄ a thagann as ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II, agus as idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, agus atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 10 lá ar a laghad in M;
(d)
i gcás idirbheart athcheannaigh nó idirbheart i leith urrús nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is éard a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart mar a mbeidh 5 lá ar a laghad in M. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt d'fhonn an aibíocht a ualú;
▼M17
(da)
i gcás idirbheart iasachta urraithe atá faoi réir máistir-chomhaontú glanluachála, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh 20 lá ar a laghad in M; úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt chun an aibíocht a ualú;
(db)
i gcás máistir-chomhaontú glanluachála lena n-áirítear níos mó ná aon cheann de na cineálacha idirbhirt a chomhfhreagraíonn do phointe (c), (d) nó (da) den mhír seo, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart, mar a mbeidh in M an tréimhse sealbhaíochta is faide ar a laghad, arna sloinneadh i mblianta, agus infheidhme do na hidirbhearta sin mar a fhoráiltear dó in Airteagal 224(2); 10 lá nó 20 lá, ag brath ar na cásanna. Úsáidfear méid barúlach gach idirbhirt chun an aibíocht a ualú;
▼B
(e)
maidir le hinstitiúid a bhfuil cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin PD féin a úsáid le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, i gcás méideanna a tarraingíodh beidh M cothrom le meánaibíocht ualaithe na
►C9
neamhchosanta ◄ ar earraí infhaighte ceannaithe, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M. Úsáidfear luach céanna seo M do mhéideanna neamhtharraingthe faoi shaoráid thiomanta ceannaigh ar an gcoinníoll go bhfuil sa tsaoráid cúnaint éifeachtacha, truicir um luathamúcadh, nó gnéithe eile a chosnaíonn an institiúid ceannaigh ar aon mheath suntasach ar cháilíocht na n-earraí infhaighte todhchaí a cheanglófar uirthi a cheannach le linn théarma na saoráide. In éagmais cosaintí éifeachtacha den sórt sin, ríomhfar M do mhéideanna neamhtharraingthe mar shuim an infháltais fhéideartha is faide ó dháta de réir an chomhaontaithe ceannaigh agus aibíocht iarmhair na saoráide ceannaigh, mar a mbeidh 90 lá ar a laghad in M;
▼M17
(f)
i gcás aon ionstraime seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo nó i gcás nach bhfuil an institiúid in ann M a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a), is é a bheidh in M an tréimhse is faide a bheidh fágtha, i mblianta, a bheidh ceadaithe don oibleagáideoir le go gcomhlíonfadh sé a oibleagáidí conarthacha, lena n-áirítear an phríomhshuim, an t-ús agus na táillí, mar a mbeidh bliain amháin ar a laghad in M;
▼B
(g)
i gcás institiúidí a úsáideann Modh na Samhla Inmheánaí mar atá leagtha amach i Roinn 6 de Chaibidil 6 chun luachanna na
►C9
neamhchosanta ◄ a ríomh, ríomhfar M do na
►C9
neamhchosaintí ◄ ar a gcuireann siad an modh sin i bhfeidhm agus ar mó ná bliain amháin aibíocht an chonartha is faide ó dháta acu sa tacar glanluachála, de réir na foirmle seo a leanas:
nuair atá:
|
|
=
|
athróg táscaire arb ionann a luach sa tréimhse todhchaí tk agus 0 má tá tk > 1 bliain agus 1 má tá tk ≤ 1;
|
|
|
=
|
an
►C9
neamhchosaint ◄ ionchasach ag tréimhse todhchaí tk;
|
|
|
=
|
an
►C9
neamhchosaint ◄ ionchasach éifeachtach ag tréimhse todhchaí tk;
|
|
|
=
|
an fachtóir lascaine saor ó
►C9
riosca ◄ don tréimhse todhchaí tk;
|
;
(h)
féadfaidh institiúid a úsáideann samhail inmheánach chun coigeartú leataobhach ar luacháil creidmheasa a ríomh úsáid a bhaint as an ré iarbhír creidmheasa arna meas ag an tsamhail inmheánach mar M, faoi réir chead na n-údarás inniúil.
Faoi réir mhír 2, cuirfear an fhoirmle atá i bpointe (a) i bhfeidhm maidir le tacair ghlanluachála ar lú ná bliain amháin an aibíocht tosaigh acu;
▼M17
(i)
i gcás institiúidí a úsáideann na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 382a(1), pointe (a) nó (b), chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA a bhaineann le hidirbhearta le contrapháirtí ar leith, ní bheidh M níos mó ná 1 san fhoirmle a leagtar amach in Airteagal 153(1), pointe (iii), chun méideanna neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh riosca contrapháirtí i gcás na n-idirbheart céanna, dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointe (a) nó (g), de réir mar is infheidhme;
(j)
i gcás neamhchosaintí imrothlacha, úsáidfear dáta uasta foirceanta conarthach na saoráide chun M a chinneadh; ní úsáidfidh institiúidí dáta aisíocaíochta na tarraingthe reatha murab é dáta foirceanta conarthach uasta na saoráide é an dáta sin.
▼B
|
|
Airteagal 162 3.
|
►M17
I gcás inar gá an doiciméadacht a ataisceadh agus a athluacháil go laethúil agus ina bhfuil forálacha inti lena gceadaítear leachtú nó fritháireamh pras na comhthaobhachta i gcás mainneachtana nó i gcás nach ndéantar an t-ataisceadh, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart agus beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad le haghaidh an mhéid seo a leanas: ◄
(a)
ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II;
(b)
idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe nó geall leis;
(c)
idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;
Ina theannta sin, i gcás
►C9
neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha cáilitheacha nach cuid iad de mhaoiniú leanúnach an oibleagáideora ar an institiúid, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad. Áireofar iad seo a leanas ar
►C9
neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha cáilitheacha:
(a)
risíochtaí ar institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;
(b)
idirbhearta maoiniúcháin trádála gearrthéarmacha atá féinleachtaitheach agus earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, ar choinníoll go bhfuil aibíocht iarmhair suas le bliain amháin ag na neamhchosaintí faoi seach;
(c)
►C9
neamhchosaintí ◄ a thagann as díol agus ceannach urrús a ghlantar laistigh den ghnáth-thréimhse sheachadta nó laistigh de dhá lá gnó;
(d)
►C9
neamhchosaintí ◄ a thagann as aistrithe socraíochtaí airgid de shreang agus socraíochtaí idirbhearta ríomhíocaíochta agus costais réamhíoctha, lena n-áirítear rótharraingtí a thagann as idirbhearta loicthe nach faide iad ná líon gearr, socruithe de laethanta gnó arna chomhaontú;
(e)
litreacha creidmheasa arna n-eisiúint agus arna ndeimhniú atá gearrthéarmach, is é sin go bhfuil aibíocht níos lú ná bliain amháin acu, agus atá féinleachtaitheach.
|
|
Airteagal 162 4.
|
I gcás neamhchosaintí ar chorparáidí atá bunaithe san Aontas, nach corparáidí móra iad, beidh de rogha ag institiúidí M a shocrú le haghaidh gach neamhchosanta mar sin mar a leagtar amach i mír 1 seachas mír 2 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 162 5.
|
Láimhseálfar neamhréireanna aibíochta mar a shonraítear i gCaibidil 4.
|
|
Airteagal 162 6.
|
Chun an líon íosta laethanta dá dtagraítear i mír 2, pointí (c) go (db), agus i mír 3, a shloinneadh i mblianta, roinnfear an líon íosta laethanta ar 365,25 .
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|