+Airteagal 162 3.

Airteagal 162 3.

►M17  I gcás inar gá an doiciméadacht a ataisceadh agus a athluacháil go laethúil agus ina bhfuil forálacha inti lena gceadaítear leachtú nó fritháireamh pras na comhthaobhachta i gcás mainneachtana nó i gcás nach ndéantar an t-ataisceadh, is é a bheidh in M meánaibíocht ualaithe iarmhair na n-idirbheart agus beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad le haghaidh an mhéid seo a leanas: ◄

(a) 

ionstraimí díorthacha atá lánchomhthaobhaithe, nó geall leis, arna liostú in Iarscríbhinn II;

(b) 

idirbhearta iasachta corrlaigh atá lánchomhthaobhaithe nó geall leis;

(c) 

idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe agus iasachtaíochta i leith urrús agus tráchtearraí;

Ina theannta sin, i gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha cáilitheacha nach cuid iad de mhaoiniú leanúnach an oibleagáideora ar an institiúid, beidh M cothrom le lá amháin ar a laghad. Áireofar iad seo a leanas ar ►C9  neamhchosaintí ◄ gearrthéarmacha cáilitheacha:

(a) 

risíochtaí ar institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;

(b) 

idirbhearta maoiniúcháin trádála gearrthéarmacha atá féinleachtaitheach agus earraí infhaighte ceannaithe corparáideacha, ar choinníoll go bhfuil aibíocht iarmhair suas le bliain amháin ag na neamhchosaintí faoi seach;

(c) 

►C9  neamhchosaintí ◄ a thagann as díol agus ceannach urrús a ghlantar laistigh den ghnáth-thréimhse sheachadta nó laistigh de dhá lá gnó;

(d) 

►C9  neamhchosaintí ◄ a thagann as aistrithe socraíochtaí airgid de shreang agus socraíochtaí idirbhearta ríomhíocaíochta agus costais réamhíoctha, lena n-áirítear rótharraingtí a thagann as idirbhearta loicthe nach faide iad ná líon gearr, socruithe de laethanta gnó arna chomhaontú;

(e) 

litreacha creidmheasa arna n-eisiúint agus arna ndeimhniú atá gearrthéarmach, is é sin go bhfuil aibíocht níos lú ná bliain amháin acu, agus atá féinleachtaitheach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas