|
+Airteagal 166 8b. |
Airteagal 166 8b.Faoi réir cead údarás inniúil, bainfidh institiúidí a chomhlíonann na ceanglais chun IRB-CCF a úsáid mar a shonraítear i Roinn 6 úsáid as IRB-CCF i gcás neamhchosaintí a eascraíonn as gealltanais neamhtharraingthe imrothlacha a láimhseáiltear faoi Chur Chuige IRB ar choinníoll nach mbeadh na neamhchosaintí sin faoi réir SA-CCF 100 % faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Úsáidfear SA-CCFanna le haghaidh an mhéid seo a leanas:
(a)
gach ítim eile lasmuigh den chlár comhardaithe, go háirithe gealltanais neamhtharraingthe neamh-imrothlacha;
(b)
neamhchosaintí nach gcomhlíonann an institiúid na híoscheanglais ina leith chun IRB-CCF a ríomh mar a shonraítear i Roinn 6, nó i gcás nár thug an t-údarás inniúil cead chun IRB-CCF a úsáid. Chun críche an Airteagail seo, measfar go mbeidh gealltanas “imrothlach” i gcás ina dtabharfaidh sé caoi d’fhéichiúnaí iasacht a fháil ina mbeidh sé de sholúbthacht ag an bhféichiúnaí a chinneadh cá mhinice a aistarraingeoidh sé as iasacht agus cé na faid ama a bheidh idir na haistarraingtí, rud a ligfidh don oibleagáideoir iasachtaí airleacain a tugadh dó a tharraingt anuas, a aisíoc agus a atarraingt. Is mar shocruithe “imrothlacha” a mheasfar socruithe conarthacha lena gceadaítear réamhíocaíochtaí a dhéanamh agus atarraingtí a dhéanamh ar na réamhíocaíochtaí sin ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|