|
+Airteagal 170 1. |
Airteagal 170 1.►M17 Déanfaidh struchtúr na gcóras rátála le haghaidh neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh: ◄
(a)
cuirfear saintréithe ►C9 riosca ◄ an oibleagáideora agus an idirbhirt san áireamh sa chóras rátála;
(b)
beidh scála rátála oibleagáideora sa chóras rátála nach léireoidh ach an cainníochtú ar ►C9 riosca ◄ mainneachtana an oibleagáideora. Beidh ar a laghad 7 ngrád sa scála rátála féichiúnaí d'oibleagáideoirí neamh-mhainneachtana agus ceann amháin d'oibleagáideoirí mainneachtana;
(c)
(d)
institiúidí a bhfuil punanna acu atá comhchruinnithe i ndeighleog mhargaidh ar leith agus i raon ►C9 riosca ◄ mainneachtana ar leith, beidh a ndóthain grád oibleagáideora acu laistigh den raon sin le nach mbeidh an iomarca oibleagáideoirí comhchruinnithe in aon ghrád ar leith. I gcás comhchruinnithe suntasacha in aon ghrád amháin, tabharfar fianaise eimpíreach dhiongbháilte go gcumhdaíonn an grád oibleagáideora banda réasúnta caol PD agus go bhfuil ►C9 riosca ◄ mainneachtana gach oibleagáideoir sa ghrád sin laistigh den bhanda sin;
(e)
le go mbeidh cead ag an údarás inniúil a meastacháin féin ar LGDanna a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, ní mór scála rátála saoráidí ar leith a bheith sa chóras rátála nach léiríonn ach saintréithe na n-idirbheart a bhaineann le LGD. Beidh i sainiú an ghráid saoráide cur síos ar an gcaoi a sanntar ►C9 neamhchosaintí ◄ don ghrád sin agus cur síos ar na critéir a úsáidtear chun leibhéal an ►C9 riosca ◄ sna gráid éagsúla a aithint; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|