|
+Airteagal 176 4. |
Airteagal 176 4.Baileoidh agus stórálfaidh institiúidí a úsáideann a meastacháin féin ar LGDanna agus ar fhachtóirí coinbhéartachta na nithe seo a leanas:
(a)
tuairiscí iomlána na sonraí ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta a bhaineann le gach aon scála rátála;
(b)
na dátaí ar ar sannadh na rátálacha agus ar a ndearnadh na meastacháin;
(c)
na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh le teacht ar na rátálacha saoráide agus ar na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
(d)
an duine a shann an rátáil saoráide agus an duine a sholáthair na meastacháin ar LGD agus ar fhachtóirí coinbhéartachta;
(e)
sonraí maidir leis na LGDanna agus na fachtóirí coinbhéartachta measta agus réadaithe a bhaineann le gach ►C9 neamhchosanta ◄ mhainnigh;
(f)
sonraí maidir le LGD na ►C9 neamhchosanta ◄ roimh mheastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí ráthaíochta nó díorthaigh chreidmheasa agus ina dhiaidh sin, i gcás na n-institiúidí sin a chuireann i gcuntas sa LGD an chaoi a maolaíonn na ráthaíochtaí nó na díorthaigh chreidmheasa an ►C9 riosca ◄ creidmheasa;
(g)
sonraí maidir le comhpháirteanna an chaillteanais i gcás gach ►C9 neamhchosanta ◄ a mhainnigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|