+Airteagal 181 1.

Airteagal 181 1.

Agus na paraiméadair ►C9  riosca ◄ a bhainfidh leis na gráid agus leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, cuirfidh institiúidí na ceanglais seo a leanas a bhaineann go sonrach le féinmheastachán ar LGDanna i bhfeidhm.

(a) 

déanfaidh institiúidí meastachán ar LGDanna de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide ar bhonn na meán-LGDanna réadaithe de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe saoráide, ag baint úsáide di as gach mainneachtain a breathnaíodh laistigh de na foinsí sonraí (an meán mainneachtain-ualaithe);

(b) 

úsáidfidh institiúidí meastacháin ar LGDanna atá ábhartha do ghéarchor eacnamaíoch má tá siad sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Sa mhéid go meastar go soláthróidh córas rátála LGDanna réadaithe ar leibhéal seasmhach de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe thar imeacht ama, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ar a meastacháin ar pharaiméadair ►C9  riosca ◄ de réir an ghráid nó an chomhthiomsaithe chun iarmhairt an ghéarchoir sa gheilleagar ar an gcaipiteal a theorannú;

▼M17

(c) 

breithneoidh institiúid a mhéid a bhraitheann riosca an oibleagáideora, ar thaobh amháin, agus riosca na cosanta creidmheasa cistithe nó riosca an tsoláthraí cosanta sin, ar an taobh eile, ar a chéile, seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe;

(d) 

déanfar neamhréireanna airgeadra idir an oibleagáid fholuiteach agus an chosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe a láimhseáil go coimeádach maidir le measúnú na hinstitiúide ar LGD;

(e) 

a mhéid a chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGD cosaint creidmheasa chistithe a bheith ann seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe, ní bheidh na meastacháin sin bunaithe ar mhargadhluach measta na cosanta creidmheasa cistithe sin amháin;

(f) 

a mhéid a chuirfear san áireamh sna meastacháin ar LGD cosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe, bunóidh institiúidí ceanglais inmheánacha maidir le bainistíocht, deimhneacht dhlíthiúil agus bainistíocht riosca na cosanta creidmheasa cistithe sin, agus beidh na ceanglais sin comhsheasmhach i gcoitinne leis na cinn a leagtar amach i gCaibidil 4, Roinn 3, Foroinn 1;

(g) 

a mhéid a aithneoidh institiúid cosaint creidmheasa chistithe seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála agus glanluacháil iasachtaí agus taiscí atá laistigh den chlár comhardaithe chun luach na neamhchosanta ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6, Roinn 5 nó 6, ní chuirfear san áireamh sna meastacháin LGD aon suim a bhfuiltear ag súil lena gnóthú ón gcosaint creidmheasa chistithe sin;

▼B

(h) 

maidir le sainchás na ►C9  neamhchosaintí ◄ atá ar mainneachtain cheana, úsáidfidh an institiúid suim an mheastacháin is fearr atá aici ar an gcaillteanas ionchasach do gach ►C9  neamhchosaint ◄ díobh de réir dálaí eacnamaíocha reatha agus stádas na ►C9  neamhchosanta ◄ agus a meastachán faoin ardú ar an ráta caillteanais a bheidh ann mar gheall ar chaillteanais eile a d'fhéadfadh a bheith ann nach raibh súil leo i rith na tréimhse aisghnóthaithe, i.e. idir an dáta a ndéanfar an mainneachtain agus dáta leachtú deiridh na ►C9  neamhchosanta ◄ ;

▼M17

(i) 

a mhéid a chaipitlítear ar tháillí ar íocaíochtaí déanacha, arna ngearradh ar an oibleagáideoir roimh thráth na mainneachtana, i ráiteas ioncaim na hinstitiúide, cuirfear iad sin le tomhas na hinstitiúide ar neamhchosaint agus ar chaillteanas;

(j) 

i gcás neamhchosaintí ar chorparáidí, ar institiúidí agus ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, agus ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla agus ar eintitis earnála poiblí, bunófar na meastacháin LGD ar shonraí thar 5 bliana ar a laghad, agus cuirfear bliain amháin in aghaidh na bliana leis an tréimhse sin tar éis a gcur chun feidhme go dtí go sroichfear 7 mbliana ar a laghad, i gcás foinse sonraí amháin ar a laghad, más faide an tréimhse bhreathnóireachta a bheidh ar fáil d’aon fhoinse ar bith, agus má tá na sonraí ábhartha, úsáidfear an tréimhse is faide sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, cuirfidh institiúid gnóthuithe arna réadú le linn na bpróiseas ábhartha gnóthaithe ó aon chineál de chosaint creidmheasa chistithe agus ó chosaint creidmheasa neamhchistithe nach dtagann faoi réim an tsainmhínithe in Airteagal 142(1), pointe (10), san áireamh mar is iomchuí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), is go coimeádach a láimhseálfar cásanna ina bhfuil spleáchas suntasach.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), cuirfear san áireamh sna meastacháin LGD cén chaoi a rachadh sé i gcion ar na hinstitiúidí gan a bheith in ann a gcomhthaobhacht a ghabháil go gasta agus í a leachtú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas