|
+Airteagal 199 3. |
Airteagal 199 3.Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás ►C9 neamhchosaintí ◄ arna n-urrú le maoin chónaithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine cónaithe dea-fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn aon cheann de na teorainneacha seo a leanas:
(a)
ní mó ná 0,3 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (a), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c);
(b)
ní mó ná 0,5 % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (b), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c). I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|