Airteagal 218
Féadfar infheistíochtaí i nótaí creidmheas-nasctha arna n-eisiúint ag institiúid iasachtaí a láimhseáil mar chomhthaobhacht airgid d'fhonn éifeacht na cosanta cistithe creidmheasa a ríomh i gcomhréir leis an bhForoinn seo, ar an gcoinníoll go gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe. Lena chinneadh an gcáileoidh an bhabhtáil mainneachtain chreidmheasa atá leabaithe sa nóta creidmheas-nasctha mar chosaint neamhchistithe creidmheasa incháilithe, féadfaidh an institiúid a mheas gur comhlíonadh an coinníoll i bpointe (c) d'Airteagal 194(6).