+Airteagal 247 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh
---+Airteagal 247 1.
---+Airteagal 247 2.
---+Airteagal 247 3.
---+Airteagal 247 4.
---+Airteagal 247 5.
---+Airteagal 247 6.

Airteagal 247 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 247 1.

I gcás inar aistrigh institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe i gcomhréir le Roinn 2, féadfaidh an institiúid sin:

(a) 

i gcás urrúsú traidisiúnta, na risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus mar is ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;

(b) 

i gcás urrúsú sintéiseach, méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus, más ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252.

Airteagal 247 2.
I gcás inar chinn an institiúid tionscnóra mír 1 a chur i bhfeidhm, ríomhfaidh sí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a leagtar síos sa Chaibidil seo i leith na suíomhanna a d’fhéadfadh sí a shealbhú laistigh den urrúsú sin.

I gcás nár aistrigh an institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach nó gur chinn sí gan mír 1 a chur i bhfeidhm, ní chuirfear de cheangal uirthi méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i leith aon suíomh a d’fhéadfadh a bheith aici laistigh den urrúsú ach leanfaidh sí de na risíochtaí foluiteacha agus, i gcás inarb abhartha, méideanna an chaillteananais ionchasaigh, a áireamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.

Airteagal 247 3.
I gcás ina bhfuil risíocht ann ar shuíomhanna i dtráinsí éagsúla laistigh d’urrúsú, measfar gur suíomh urrúsúcháin ar leith í an risíocht ar gach aon tráinse. Measfar go mbeidh suíomhanna san urrúsú á sealbhú ag soláthraithe na cosanta creidmheasa do shuíomhanna urrúsúcháin. Áireofar sna suíomhanna urrúsúcháin risíochtaí ar urrúsú a thagann as conarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra atá déanta ag an institiúid tráth an idirbhirt.
Airteagal 247 4.
Mura n-asbhaintear suíomh urrúsúcháin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun phointe (k) d’Airteagal 36(1), áireofar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail in iomlán na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na hinstitiúide chun críocha Airteagal 92(3).
Airteagal 247 5.
Déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail suímh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, luach a ríomhtar mar a leagtar amach in Airteagal 248, a iolrú faoin ualú iomlán priacail ábhartha.
Airteagal 247 6.
Socrófar an t-ualú iomlán priacail mar shuim an ualaithe priacail a leagtar amach sa Chaibidil seo agus aon ualaithe priacail breise i gcomhréir le hAirteagal 270a.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas