+Airteagal 254 Ordlathas modhanna
---+Airteagal 254 1.
---+Airteagal 254 2.
---+Airteagal 254 3.
---+Airteagal 254 4.
---+Airteagal 254 5.
---+Airteagal 254 6.
---+Airteagal 254 7.
---+Airteagal 254 8.
|
Airteagal 254 Ordlathas modhanna
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 254 1.
|
Úsáidfidh institiúidí ceann de na modhanna a leagtar amach i bhForoinn 3 chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir leis an ordlathas seo a leanas:
(a)
i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 258, úsáidfidh institiúid SEC-IRBA i gcomhréir le hAirteagal 259 agus le hAirteagal 260;
(b)
i gcás nach bhféadtar SEC-ERBA a úsáid, úsáidfidh institiúid an (SEC-SA) i gcomhréir le hAirteagal 261 agus le hAirteagal 262;
(c)
i gcás nach bhféadtar SEC-SA a úsáid, úsáidfidh institiúid an SEC-ERBA i gcomhréir le hAirteagal 263 agus le hAirteagal 264 le haghaidh suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith.
|
|
Airteagal 254 2.
|
I gcás suíomhanna rátáilte nó suíomhanna ar féidir rátáil atá bunaithe ar thátal a úsáid ina leith, úsáidfidh institiúid SEC-ERBA seachas SEC-SA i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % do shuíomhanna a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;
(b)
i gcás ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-SA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 25 % nó ina mbeadh, mar thoradh ar chur i bhfeidhm SEC-ERBA, ualú priacail ann a bheadh níos airde ná 75 % do shuíomhanna nach gcáilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC;
(c)
le haghaidh idirbhearta urrúsúcháin bunaithe ar chomhthiomsuithe d’iasachtaí gluaisteáin, de léasanna gluaisteán agus de léasanna trealaimh.
|
|
Airteagal 254 3.
|
I gcásanna nach gcumhdaítear faoi mhír 2, agus de mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí a chinneadh SEC-ERBA a chur i bhfeidhm seachas SEC-SA maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile nó lena súiomhanna uile ar ina leith a bhféadfar rátáil bunaithe ar thátal a úsáid. Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh institiúid fógra faoina chinneadh a thabhairt don údarás inniúil tráth nach déanaí ná an 17 Samhain 2018. Aon chinneadh ina dhiaidh sin a dhéanfaí chun an cur chuige a cuireadh i bhfeidhm maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile a athrú tuilleadh, déanfaidh an institiúid fógra ina leith a thabhairt dá húdarás inniúil roimh an 15 lá de mhí na Samhna a thagann díreach tar éis an chinnidh sin. Más rud é nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil aon agóid faoin 15 lá den mhí Nollag sin a thagann díreach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa dara fomhír nó sa tríú fomhír, de réir mar is iomchuí, beidh éifeacht ag an gcinneadh ar thug an institiúid fógra ina leith ón 1 Eanáir den bhliain dar gcionn agus beidh sé bailí go dtí go mbeidh éifeacht ag cinneadh ina dhiaidh sin dá dtugtar fógra. Ní bhainfidh institiúid úsáid as cuir chuige éagsúla san aon bhliain amháin.
|
|
Airteagal 254 4.
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla cosc a chur ar institiúidí, de réir an cháis, SEC-SA a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil an méid risíochta, atá ualaithe ó thaobh priacail, a thagann as cur i bhfeidhm SEC-SA ar cóimhéid leis na priacail atá ann don institiúid nó don chobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear an priacal creidmheasa atá leabaithe i risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe ach gan bheith teoranta don phriacal creidmheasa sin. I gcás risíochtaí nach gcáilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC, féachfar go háirithe d’urrúsuithe a bhfuil gnéithe atá fíorchasta agus a bhfuil priacail mhóra ag gabháil leo.
|
|
Airteagal 254 5.
|
Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúidí Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i ndáil le suíomh gan rátáil i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP i gcomhréir le hAirteagal 266, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 265. I gcás ina bhfuil cead faighte ag institiúid leas a bhaint as an as an gCur chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 265(2) agus má thagann suíomh sonrach i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP laistigh den raon feidhme a chumhdaítear leis an gcead sin, bainfidh an institiúid feidhm as Cur chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh chun méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin.
|
|
Airteagal 254 6.
|
I gcás suíomh ath-urrúsúcháin, cuirfidh institiúidí SEC-SA i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 261, leis na modhnuithe a leagtar amach in Airteagal 269.
|
|
Airteagal 254 7.
|
I ngach cás eile, sannfar ualú priacail 1 250 % do shuíomhanna urrúsúcháin.
|
|
Airteagal 254 8.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi aon fhógra a thabharfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfaidh ÚBE faireachán ar thionchar an Airteagail seo ar cheanglais chaipitil agus ar an raon cleachtas maoirseachta a bhaineann le mír 4, den Airteagal seo agus tabharfaidh sé tuarascáil gach bliain don Choimisiún faoin méid a aimseoidh sé agus eiseoidh sé treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|