|
+Airteagal 254 3. |
Airteagal 254 3.I gcásanna nach gcumhdaítear faoi mhír 2, agus de mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh institiúidí a chinneadh SEC-ERBA a chur i bhfeidhm seachas SEC-SA maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile nó lena súiomhanna uile ar ina leith a bhféadfar rátáil bunaithe ar thátal a úsáid. Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh institiúid fógra faoina chinneadh a thabhairt don údarás inniúil tráth nach déanaí ná an 17 Samhain 2018. Aon chinneadh ina dhiaidh sin a dhéanfaí chun an cur chuige a cuireadh i bhfeidhm maidir lena cuid suíomhanna urrúsúcháin rátáilte uile a athrú tuilleadh, déanfaidh an institiúid fógra ina leith a thabhairt dá húdarás inniúil roimh an 15 lá de mhí na Samhna a thagann díreach tar éis an chinnidh sin. Más rud é nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil aon agóid faoin 15 lá den mhí Nollag sin a thagann díreach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa dara fomhír nó sa tríú fomhír, de réir mar is iomchuí, beidh éifeacht ag an gcinneadh ar thug an institiúid fógra ina leith ón 1 Eanáir den bhliain dar gcionn agus beidh sé bailí go dtí go mbeidh éifeacht ag cinneadh ina dhiaidh sin dá dtugtar fógra. Ní bhainfidh institiúid úsáid as cuir chuige éagsúla san aon bhliain amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|