+Airteagal 255 KIRBagus KSAa chinneadh
---+Airteagal 255 1.
---+Airteagal 255 2.
---+Airteagal 255 3.
---+Airteagal 255 4.
---+Airteagal 255 5.
---+Airteagal 255 6.
---+Airteagal 255 7.
---+Airteagal 255 8.
---+Airteagal 255 9.
|
Airteagal 255 KIRBagus KSAa chinneadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 255 1.
|
I gcás ina gcuireann institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm faoi Fhoroinn 3, ríomhfaidh an institiúid KIRB i gcomhréir le mír 2 go mír 5.
|
|
Airteagal 255 2.
|
Cinnfidh institiúidí KIRB trí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomhfaí faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nár urrúsaíodh iad a iolrú faoi 8 %, arna roinnt faoi luach risíochta na risíochtaí foluiteacha. Sloinnfear KIRB i bhfoirm dheachúil idir nialas agus a haon.
|
|
Airteagal 255 3.
|
Chun críocha KIRB a ríomh, áireofar ar na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomhfaí faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha an méid seo a leanas:
(a)
méid na gcaillteanas ionchasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha uile an urrúsaithe lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá fós mar chuid den chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3; agus
(b)
méid na gcaillteanas gan choinne a bhaineann leis na risíochtaí foluiteacha uile lena n-áirítear risíochtaí foluiteacha, agus iad ar mainneachtain, atá sa chomhthiomsú i gcomhréir le Caibidil 3;
|
|
Airteagal 255 4.
|
Féadfaidh institiúidí KIRB a ríomh i ndáil le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i gCaibidil 3 chun riachtanais chaipitil le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe a ríomh. Chun na gcríoch sin, láimhseálfar risíochtaí miondíola amhail earraí infhaighte miondíola ceannaithe agus láimhseálfar risíochtaí neamh-mhiondíola mar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe.
|
|
Airteagal 255 5.
|
Ríomhfaidh na hinstitiúidí KIRB as féin do phriacal caolúcháin i ndáil le risíochtaí foluiteacha suíomhanna urrúsúcháin má bhíonn priacal caolúcháin ábhartha i gcás na risíochtaí sin. I gcás ina láimhseáiltear caillteanais ó phriacail chaolúcháin agus chreidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, déanfaidh institiúidí KIRB do phriacal caolúcháin agus creidmheasa faoi seach a chomhcheangal in aon KIRB amháin chun críocha Fhoroinn 3. Féadfar a mheas, i gcás cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó caolúcháin a chumhdach, gur tásc é sin go bhfuil na priacail seo á láimhseáil ar bhealach comhiomlán. I gcás nach láimhseáiltear priacal caolúcháin agus creidmheasa ar bhealach comhiomlán san urrúsú, modhnóidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach sa dara mír chun an KIRB faoi seach do phriacal caolúcháin agus creidmheasa a chomhcheangal ar bhealach stuama.
|
|
Airteagal 255 6.
|
I gcás ina gcuireann institiúid SEC-SA i bhfeidhm faoi Fhoroinn 3, déanfaidh sí KSA a ríomh trí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, a ríomhfaí faoi Chaibidil 2 i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha amhail is nár urrúsaíodh iad, a iolrú faoi 8 % arna roinnt faoi luach na risíochtaí foluiteacha. Sloinnfear KSA i bhfoirm dheachúil idir nialas agus a haon. Chun críocha na míre seo, ríomhfaidh institiúidí luach risíochta na risíochtaí foluiteacha gan aon choigeartuithe priacail creidmheasa sonracha agus coigeartuithe luacha breise a ghlanluacháil i gcomhréir le hAirteagal 34 agus le hAirteagal 110 agus laghduithe cistí dílse eile.
|
|
Airteagal 255 7.
|
Chun críocha mhír 1 go mhír 6, i gcás ina mbaineann úsáid SSPE le struchtúr urrúsúcháin, láimhseálfar risíochtaí uile SSPE a bhaineann leis an urrúsú mar risíochtaí foluiteacha. Gan dochar don mhéid thuas, féadfaidh an institiúid risíochtaí SSPE a eisiamh ón gcomhthiomsú risíochtaí foluiteacha chun críocha KIRB nó KSA a ríomh mura mbeidh an priacal ó risíochtaí SSPE ábhartha nó mura ndéanfaidh sé difear do shuíomh urrúsúcháin na hinstitiúide. I gcás urrúsuithe sintéiseacha cistithe, déanfar aon fháltais ábhartha ó eisiúint nótaí creidmheas-nasctha nó oibleagáidí cistithe eile de chuid SSPE a fhónann mar chomhthaobhacht le haghaidh aisíocaíocht na suíomhanna urrúsúcháin a áireamh i ríomh KIRB nó KSA má bhíonn priacal creidmheasa na comhthaobhachta faoi réir leithdháileadh an tráinse caillteanais.
|
|
Airteagal 255 8.
|
Chun críocha an tríú fomhír de mhír 5 den Airteagal seo, eiseoidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na modhanna iomchuí le KIRB a chomhcheangal le haghaidh priacal caolúcháin agus creidmheasa i gcás nach láimhseáiltear na priacail sin ar bhealach comhiomlán in urrúsú.
|
|
Airteagal 255 9.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála t chun na coinníollacha a shonrú tuilleadh chun a cheadú d’institiúidí KIRB a ríomh do chomhthiomsuithe risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le mír 4, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
beartas creidmheasa inmheánach agus samhlacha chun KIRB a ríomh le haghaidh urrúsuithe;
(b)
fachtóirí éagsúla priacail a úsáid a bhaineann leis an gcomhthiomsú risíochtaí foluiteacha agus, i gcás nach mbeidh go leor sonraí iontaofa nó cruinne faoin gcomhthiomsú sin ar fáil, sonraí ionadacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar PD agus LGD; agus
(c)
ceanglais díchill chuí chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí agus ar na beartais de chuid díoltóirí earraí infhaighte nó tionscnóirí eile.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|