+Airteagal 273a Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na►C12neamhchosainta◄a ríomh
---+Airteagal 273a 1.
---+Airteagal 273a 2.
---+Airteagal 273a 3.
---+Airteagal 273a 4.
---+Airteagal 273a 5.
---+Airteagal 273a 6.

Airteagal 273a Coinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach na►C12neamhchosainta◄a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 273a 1.

Féadfaidh institiúid luach ►C12  neamhchosainta ◄ a cuid suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 4 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid:

(a) 

10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;

(b) 

EUR 300 milliún.

Airteagal 273a 2.

Féadfaidh institiúid luach ►C12  neamhchosainta ◄ suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 5 ar choinníoll gur lú gnó díorthach na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe ná an dá thairseach seo a leanas, nó go bhfuil siad cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil agus na sonraí ón lá deireanach den mhí amach á n-úsáid;

(a) 

5 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;

(b) 

EUR 100 milliún.

Airteagal 273a 3.

Chun críocha mhír 1 agus mhír 2, déanfaidh institiúidí méid a ngnó díorthach laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe a ríomh bunaithe ar shonraí ón lá deireanach de gach mí amach i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfar gach suíomh díorthach a luacháil ag a margadhluachanna ar an dáta áirithe sin; i gcás nach bhfuil margadhluach suímh ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh ar an dáta sin a ghlacadh; i gcás nach mbeidh an margadhluach an an luach cóir ar shuíomh ar fáil ar dháta áirithe, tógfaidh institiúidí an margadhluach nó an luach cóir is déanaí don suíomh sin;

▼M17

(b) 

déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe;

▼M8

(c) 

cuirfear na suíomhanna díorthach go léir san áireamh, seachas díorthaigh chreidmheasa a aithneofar mar fháluithe inmheánacha ar ►C12  neamhchosainti ◄ leabhair neamhthrádála ar ►C12  riosca ◄ creidmheasa.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann ciall na suíomhanna fada agus suíomhanna gearra agus an chiall a leagtar amach in Airteagal 94(3).

Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointe (c).

Airteagal 273a 4.
De mhaolú ar mhír 1 nó ar mhír 2, de réir mar is infheidhme, i gcás nach sáraíonn an gnó díorthach ar bhonn comhdhlúite na tairseacha a leagtar amach i mír 1 nó 2, de réir mar is infheidhme, féadfaidh institiúid a áirítear sa chomhdhlúthú agus ar a mbeidh an modh a leagtar amach i Roinn 3 nó 4 a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ós rud é go sáraíonn an institiúid na tairseacha sin ar bhonn aonair, a roghnú ina ionad sin, faoi réir formheas ó na húdaráis inniúla, an modh a chur i bhfeidhm ag a mbeadh feidhm ar bhonn comhdhlúite.
Airteagal 273a 5.
Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla i leith na modhanna a leagtar amach i Roinn 4 nó i Roinn 5 as a mbaineann siad úsáid, nó a scoireann siad de bheith á n-úsáid, de réir mar is infheidhme, chun luach ►C12  neamhchosainta ◄ a suíomhanna díorthach a ríomh.
Airteagal 273a 6.
Ní bheidh institiúidí páirteach in idirbheart díorthach ná ní dhéanfaidh siad ionstraim dhíorthach a cheannach ná a dhíol, mura bhfuil de chuspóir acu ach aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas