|
+Airteagal 274 6. |
Airteagal 274 6.Maidir le tacar glanluachála, is é a chuirfidh institiúid in ionad idirbheart ar comhcheangal líneach finideach é de chéadroghanna ar cheannach nó ar dhíol atá ceannaithe nó díolta na céadroghanna aonair uile atá sa chomhcheangal líneach sin, arna dtógáil mar idirbheart aonair, chun críocha luach
►C12
neamhchosainta ◄ an tacair glanluachála a ríomh i gcomhréir leis an roinn seo. Déanfar gach comhcheangal de roghanna a láimhseáil mar idirbheart aonair sa tacar glanluachála ina gcuirtear an comhcheangal san áireamh chun críche an luach
►C12
neamhchosainta ◄ a ríomh. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cuirfidh institiúidí in ionad céadrogha loime digití arb ionann a luach ceangail agus K an teaglaim choiléir ábhartha de dhá rogha loma dhigiteacha ar cheannach nó ar dhíol arna ndíol agus arna gceannach a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
(a)
tá an méid seo a leanas ag dhá rogha na teaglama coiléir:
(i)
an dáta éaga céanna agus spotphraghas nó réamhphraghas na hionstraime foluití agus atá ag an gcéadrogha lom dhigiteach;
(ii)
luachanna ceangail atá cothrom le 0,95 ·K agus 1,05 ·K faoi seach;
(b)
beidh an teaglaim choiléir ina macasamhail bheacht ar dhea-thoradh na céadrogha loime digití lasmuigh den raon idir an dá luach ceangail dá dtagraítear i bpointe (a). Ríomhfar suíomh riosca dhá chéadrogha na teaglama coiléir dá dtagraítear sa dara fomhír ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 279. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|