+Airteagal 274 Luach risíochta
---+Airteagal 274 1.
---+Airteagal 274 2.
---+Airteagal 274 3.
---+Airteagal 274 4.
---+Airteagal 274 5.
---+Airteagal 274 6.
---+Airteagal 274 7.

Airteagal 274 Luach risíochta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 274 1.

Féadfaidh institiúid luach risíochta aonair a ríomh ar leibhéal an tacair glanluachála le haghaidh na n-idirbheart uile a chumhdaítear le comhaontú glanluachála conarthach i gcás ina gcomhlíontar an méid seo a leanas:

(a) 

is le ceann de na cineálacha comhaontuithe glanluachála conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 295 a bhaineann an comhaontú glanluachála;

(b) 

tá an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296;

(c) 

tá na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 297 comhlíonta ag an institiúid i ndáil leis an gcomhaontú glanluachála.

I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, déanfaidh an institiúid gach idirbheart a láimhseáil amhail agus dá mba é a thacar glanluachála féin é.

Airteagal 274 2.

Déanfaidh institiúidí luach risíochta tacair ghlanluachála a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar leanas:

Luach risíochta = α · (RC + PFE)
nuair:

RC

=

an costas athsholáthair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 275; agus

PFE

=

an ►C12  neamhchosaint ◄ fhéideartha thodhchaíoch arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278;

α

=

1,4.

Airteagal 274 3.
Maidir leis an luach ►C12  neamhchosainta ◄ tacair glanluachála atá faoi réir comhaontú corrlaigh conarthach beidh uasteorainn leis is ionann agus luach ►C12  neamhchosainta ◄ an tacair glanluachála chéanna nach bhfuil faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.
Airteagal 274 4.

I gcás ina bhfuil feidhm ag roinnt comhaontuithe corrlaigh leis an tacar glanluachála céanna, nó i gcás ina n-áirítear sa tacar glanluachála céanna idir idirbhearta atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus idirbhearta nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh, ríomhfaidh institiúid luach a neamhchosanta mar a leanas:

(a) 

bunóidh an institiúid na fothacair hipitéiseacha glanluachála lena mbaineann, a bheidh comhdhéanta d’idirbhearta arna n-áireamh sa tacar glanluachála, mar a leanas:

(i) 

déanfar gach idirbheart atá faoi réir comhaontú corrlaigh agus faoi réir na tréimhse céanna corrlaigh faoi riosca arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 285(2) go (5) a leithdháileadh chuig an bhfothacar céanna glanluachála;

(ii) 

déanfar gach idirbheart nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh a leithdháileadh chuig an bhfothacar céanna glanluachála, a bheidh leithleach ó na fothacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le pointe (i) den mhír seo;

(b) 

ríomhfaidh an institiúid costas athsholáthair an tacair glanluachála i gcomhréir le hAirteagal 275(2), agus na hidirbhearta uile sa tacar glanluachála á gcur san áireamh, bíodh siad faoi réir comhaontú corrlaigh nó ná bíodh, agus cuirfidh sí gach ceann den mhéid seo a leanas i bhfeidhm:

(i) 

déanfar CMV na n-idirbheart uile laistigh de thacar glanluachála a ríomh mar aon le haon chomhthaobhacht arna sealbhú nó arna breacadh i gcás ina bhfuil margadhluachanna deimhneacha agus diúltacha arna ríomh i bhfoirm ghlan agus CMV á ríomh;

(ii) 

déanfar NICA, VM, TH, agus MTA, i gcás inarb infheidhme, a ríomh ar leithligh mar shuim na n-ionchur céanna is infheidhme maidir le gach comhaontú corrlaigh ar leith de chuid an tacair glanluachála;

(c) 

déanfaidh an institiúid neamhchosaint fhéideartha thodhchaíoch an tacair glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 278 a ríomh tríd an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(i) 

beidh an t-iolraitheoir dá dtagraítear in Airteagal 278(1) bunaithe ar na hionchuir CMV, NICA agus VM, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo;

(ii) 

imagedéanfar é a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 278, ar leithligh i gcás gach fothacair hipitéisigh glanluachála dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo.

Airteagal 274 5.

Féadfaidh institiúidí luach ►C12  neamhchosainta ◄ tacair glanluachála a shocrú ag nialas i gcás ina gcomhlíonann an tacar sin na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur céadroghanna díolta amháin atá sa tacar glanluachála;

(b) 

go mbíonn margadhluach reatha an tacair glanluachála diúltach i gcónaí;

(c) 

go bhfuair an institiúid roimh ré préimh na gcéadroghanna uile a áirítear sa tacar glanluachála chun comhlíonadh na gconarthaí a ráthú;

(d) 

nach bhfuil an tacar glanluachála faoi réir aon chomhaontaithe corrlaigh.

Airteagal 274 6.
Maidir le tacar glanluachála, is é a chuirfidh institiúid in ionad idirbheart ar comhcheangal líneach finideach é de chéadroghanna ar cheannach nó ar dhíol atá ceannaithe nó díolta na céadroghanna aonair uile atá sa chomhcheangal líneach sin, arna dtógáil mar idirbheart aonair, chun críocha luach ►C12  neamhchosainta ◄ an tacair glanluachála a ríomh i gcomhréir leis an roinn seo. Déanfar gach comhcheangal de roghanna a láimhseáil mar idirbheart aonair sa tacar glanluachála ina gcuirtear an comhcheangal san áireamh chun críche an luach ►C12  neamhchosainta ◄ a ríomh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cuirfidh institiúidí in ionad céadrogha loime digití arb ionann a luach ceangail agus K an teaglaim choiléir ábhartha de dhá rogha loma dhigiteacha ar cheannach nó ar dhíol arna ndíol agus arna gceannach a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a) 

tá an méid seo a leanas ag dhá rogha na teaglama coiléir:

(i) 

an dáta éaga céanna agus spotphraghas nó réamhphraghas na hionstraime foluití agus atá ag an gcéadrogha lom dhigiteach;

(ii) 

luachanna ceangail atá cothrom le 0,95 ·K agus 1,05 ·K faoi seach;

(b) 

beidh an teaglaim choiléir ina macasamhail bheacht ar dhea-thoradh na céadrogha loime digití lasmuigh den raon idir an dá luach ceangail dá dtagraítear i bpointe (a).

Ríomhfar suíomh riosca dhá chéadrogha na teaglama coiléir dá dtagraítear sa dara fomhír ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 279.

Airteagal 274 7.
Luach ►C12  neamhchosainta ◄ idirbhirt díorthach creidmheasa a ionadaíonn suíomh fada sa ►C12  neamhchosaint ◄ fholuiteach, féadfar é a theorannú do mhéid méid na préimhe atá fós gan íoc ar choinníoll go ndéileáiltear leis amhail mar a thacar glanluachála féin nach bhfuil faoi réir comhaontú corrlaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas