+Airteagal 285 Luach na►C9neamhchosanta◄maidir le tacair ghlanluachála atá faoi réir ag comhaontú éarlaise
---+Airteagal 285 1.
---+Airteagal 285 2.
---+Airteagal 285 3.
---+Airteagal 285 4.
---+Airteagal 285 5.
---+Airteagal 285 6.
---+Airteagal 285 7.
---+Airteagal 285 7a.
---+Airteagal 285 8.

Airteagal 285 Luach na►C9neamhchosanta◄maidir le tacair ghlanluachála atá faoi réir ag comhaontú éarlaise

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 285 1.

Má tá an tacar glanluachála faoi réir ag comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, déanfaidh an institiúid EPE iarbhír faoi mar a leagtar amach é sa mhír seo a ríomh. Más rud é go ndéantar iarmhairtí socraithe corrlaigh a ghabháil sa tsamhail agus an EE á ríomh, féadfaidh an institiúid, faoi réir ceada ón údarás inniúil, tomhas EE na samhla a úsáid go díreach sa chothromóid in Airteagal 284(5). Ní bhronnfaidh údaráis inniúla cead den sórt sin ach amháin má dhéanann siad a fhíorú go ndéanann an tsamhail iarmhairtí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil i gceart agus meastachán á dhéanamh ar EE. Déanfaidh institiúid nach bhfuil an cead sin faighte aici ceann de na tomhais EPE iarbhír seo a leanas a úsáid:

(a) 

EPE iarbhír, arna ríomh gan comhthaobhacht ar bith atá á sealbhú nó atá breactha mar corrlach a chur san áireamh móide comhthaobhacht ar bith breactha le contrapháirtí, neamhspleách ón bpróiseas laethúil luachála agus corrlaigh nó ón ►C9  neamhchosaint ◄ reatha;

(b) 

EPE iarbhír arna ríomh mar an méadú féideartha sa ►C9  neamhchosaint ◄ thar an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ , móide an ceann is mó idir:

(i) 

an ►C9  neamhchosaint ◄ reatha lena n-áirítear an chomhthaobhacht uile atá á sealbhú nó atá breactha, seachas comhthaobhacht atá glaoite nó faoi dhíospóid;

(ii) 

an ►C9  neamhchosaint ◄ ghlan is mó, lena n-áirítear comhthaobhacht faoin gcomhaontú corrlaigh, nach spreagfadh glao ar chomhthaobhacht. Léireofar sa tsuim seo gach tairseach, íosmhéideanna aistrithe, méideanna neamhspleácha agus corrlaigh tosaigh is infheidhme faoi chomhaontú corrlaigh;

Chun críocha phointe (b), déanfaidh institiúidí an forlíontán a ríomh mar an t-athrú deimhneach a bhfuiltear ag súil leis i luach marcála ón margadh na n-idirbheart i rith na tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ . Léireofar athruithe ar luach comhthaobhachta ag baint úsáide as coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 4 nó sna meastacháin féin den choigeartú luaineachta sa Mhodh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, ach ní dhéanfar talamh slán d'aon íocaíochtaí comhthaobhachta i rith na tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ . Tá an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ faoi réir ag na híostréimhsí a leagtar amach i míreanna 2 go 54.

Airteagal 285 2.

Maidir le hidirbhearta atá faoi réir ag athshocrú laethúil corrlaigh agus luacháil marcála ón margadh, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ a úsáidtear chun críocha ionsamhlaithe ar luach na ►C9  neamhchosanta ◄ le comhaontuithe corrlaigh níos lú ná:

(a) 

5 lá gnó maidir le tacair ghlanluachála atá comhdhéanta d'idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta iasachtaithe nó iasachtaíochta i leith urrús nó tráchtearraí agus idirbhearta iasachta corrlaigh amháin;

(b) 

10 lá gnó maidir le gach tacar glanluachála eile.

Airteagal 285 3.

Beidh pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 faoi réir ag na heisceachtaí seo a leanas:

(a) 

maidir le gach tacar glanluachála ina bhfuil líon na dtrádálacha níos mó ná 5,000 ag tráth ar bith i rith ráithe, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ don chéad ráithe eile níos lú ná 20 lá gnó. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht seo maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ trádála institiúidí;

(b) 

maidir le tacair ghlanluachála ina bhfuil trádáil amháin nó níos mó lena bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach i gceist, nó díorthach thar an gcuntar nach féidir a ionadú go héasca, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ níos lú ná 20 lá gnó.

Cinnfidh institiúid an bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach nó nach bhfuil nó ar féidir díorthaigh thar an gcuntar a athsholáthar go héasca i gcomhthéacs na ndálaí struis sa mhargadh, rud a chiallaíonn go bhfuil easpa margaí atá gníomhach go leanúnach ann i gcás ina bhfaigheadh contrapháirtí, laistigh de dhá lá nó níos lú ná sin, praghsanna iolracha reatha nach ndéanfadh an margadh a bhogadh ná praghas a léiriú lena ndéanfaí lascaine margaidh (i gcás comhthaobhachta) nó préimh (i gcás díorthach thar an gcuntar) a léiriú.

Déanfaidh institiúid a mheas an bhfuil trádálacha agus urrúis arna sealbhú aici comhdhlúite i gcontrapháirtí áirithe nó nach bhfuil agus, dá bhfágfadh an contrapháirtí sin an margadh go rite, an mbeadh an institiúid in ann na trádálacha nó na hurrúis sin a athsholáthar nó nach mbeadh.

Airteagal 285 4.
Má bhí baint ag institiúid le níos mó ná dhá dhíospóid um ghlao ar corrlach maidir le tacar glanluachála áirithe thar an dá ráithe go díreach roimhe a mhair níos faide ná an tréimhse corrlaigh atá infheidhme faoi mhír 2 agus mhír 3, bainfidh an institiúid úsáid as tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ dhá oiread ar a laghad na tréimhse a shonraítear i mír 2 agus mír 3 le haghaidh an tacair ghlanluachála sin don dá ráithe ina dhiaidh sin.
Airteagal 285 5.

Maidir le hathshocrú corrlaigh lena mbaineann tréimhse N lá, beidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ cothrom ar a laghad leis an tréimhse a shonraítear i mír 2 agus mír 3, F, móide N lá lúide lá amháin. Is é sin:

image

Airteagal 285 6.
Má tá éifeacht an tsocraithe corrlaigh ar athruithe ar margadhluach an tacair ghlanluachála san áireamh sa tsamhail inmheánach, déanfaidh institiúid comhthaobhacht, seachas airgead tirim den airgeadra céanna ina bhfuil an ►C9  neamhchosaint ◄ í féin, a shamhaltú go comhpháirteach leis an ►C9  neamhchosaint ◄ ina ríomhanna um luach ►C9  neamhchosanta ◄ maidir le díorthaigh thar an gcuntar agus idirbhearta maoinithe urrús.
Airteagal 285 7.
Mura bhfuil institiúid in ann comhthaobhacht a shamhaltú go comhpháirteach leis an neamhchosaint, ní dhéanfaidh sí éifeacht na comhthaobhachta a aithint ina ríomhanna den luach neamhchosanta maidir le díorthaigh thar an gcuntar seachas airgead tirim den airgeadra céanna leis an neamhchosaint í féin, mura rud é go n-úsáideann an institiúid na coigeartuithe luaineachta faoin gCur Chuige Maoirseachta caighdeánach maidir le Coigeartuithe Luaineachta i gcomhréir le Caibidil 4.
Airteagal 285 7a.
Mura bhfuil institiúid in ann comhthaobhacht a shamhaltú go comhpháirteach leis an neamhchosaint, ní aithneoidh sí ina ríomhanna den luach neamhchosanta maidir le hidirbhearta maoinithe urrús éifeacht na comhthaobhachta seachas airgead tirim den airgeadra céanna leis an neamhchosaint féin.
Airteagal 285 8.
Tabharfaidh institiúid a úsáideann an IMM neamhaird ina samhlacha ar éifeacht laghdú i luach na ►C9  neamhchosanta ◄ mar gheall ar aon chlásal i gcomhaontú comhthaobhachta óna dteastaíonn comhthaobhacht a fháil nuair a mheathlaíonn cáilíocht chreidmheasa an chontrapháirtí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas