+Airteagal 285 3.

Airteagal 285 3.

Beidh pointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 faoi réir ag na heisceachtaí seo a leanas:

(a) 

maidir le gach tacar glanluachála ina bhfuil líon na dtrádálacha níos mó ná 5,000 ag tráth ar bith i rith ráithe, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ don chéad ráithe eile níos lú ná 20 lá gnó. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht seo maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ trádála institiúidí;

(b) 

maidir le tacair ghlanluachála ina bhfuil trádáil amháin nó níos mó lena bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach i gceist, nó díorthach thar an gcuntar nach féidir a ionadú go héasca, ní bheidh an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ níos lú ná 20 lá gnó.

Cinnfidh institiúid an bhfuil comhthaobhacht neamhleachtach nó nach bhfuil nó ar féidir díorthaigh thar an gcuntar a athsholáthar go héasca i gcomhthéacs na ndálaí struis sa mhargadh, rud a chiallaíonn go bhfuil easpa margaí atá gníomhach go leanúnach ann i gcás ina bhfaigheadh contrapháirtí, laistigh de dhá lá nó níos lú ná sin, praghsanna iolracha reatha nach ndéanfadh an margadh a bhogadh ná praghas a léiriú lena ndéanfaí lascaine margaidh (i gcás comhthaobhachta) nó préimh (i gcás díorthach thar an gcuntar) a léiriú.

Déanfaidh institiúid a mheas an bhfuil trádálacha agus urrúis arna sealbhú aici comhdhlúite i gcontrapháirtí áirithe nó nach bhfuil agus, dá bhfágfadh an contrapháirtí sin an margadh go rite, an mbeadh an institiúid in ann na trádálacha nó na hurrúis sin a athsholáthar nó nach mbeadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas