|
+Airteagal 285 1. |
Airteagal 285 1.Má tá an tacar glanluachála faoi réir ag comhaontú corrlaigh agus luacháil laethúil marcála ón margadh, déanfaidh an institiúid EPE iarbhír faoi mar a leagtar amach é sa mhír seo a ríomh. Más rud é go ndéantar iarmhairtí socraithe corrlaigh a ghabháil sa tsamhail agus an EE á ríomh, féadfaidh an institiúid, faoi réir ceada ón údarás inniúil, tomhas EE na samhla a úsáid go díreach sa chothromóid in Airteagal 284(5). Ní bhronnfaidh údaráis inniúla cead den sórt sin ach amháin má dhéanann siad a fhíorú go ndéanann an tsamhail iarmhairtí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil i gceart agus meastachán á dhéanamh ar EE. Déanfaidh institiúid nach bhfuil an cead sin faighte aici ceann de na tomhais EPE iarbhír seo a leanas a úsáid:
(a)
EPE iarbhír, arna ríomh gan comhthaobhacht ar bith atá á sealbhú nó atá breactha mar corrlach a chur san áireamh móide comhthaobhacht ar bith breactha le contrapháirtí, neamhspleách ón bpróiseas laethúil luachála agus corrlaigh nó ón ►C9 neamhchosaint ◄ reatha;
(b)
EPE iarbhír arna ríomh mar an méadú féideartha sa ►C9 neamhchosaint ◄ thar an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ , móide an ceann is mó idir:
(i)
an ►C9 neamhchosaint ◄ reatha lena n-áirítear an chomhthaobhacht uile atá á sealbhú nó atá breactha, seachas comhthaobhacht atá glaoite nó faoi dhíospóid;
(ii)
an ►C9 neamhchosaint ◄ ghlan is mó, lena n-áirítear comhthaobhacht faoin gcomhaontú corrlaigh, nach spreagfadh glao ar chomhthaobhacht. Léireofar sa tsuim seo gach tairseach, íosmhéideanna aistrithe, méideanna neamhspleácha agus corrlaigh tosaigh is infheidhme faoi chomhaontú corrlaigh; Chun críocha phointe (b), déanfaidh institiúidí an forlíontán a ríomh mar an t-athrú deimhneach a bhfuiltear ag súil leis i luach marcála ón margadh na n-idirbheart i rith na tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ . Léireofar athruithe ar luach comhthaobhachta ag baint úsáide as coigeartuithe luaineachta maoirseachta i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 4 nó sna meastacháin féin den choigeartú luaineachta sa Mhodh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais, ach ní dhéanfar talamh slán d'aon íocaíochtaí comhthaobhachta i rith na tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ . Tá an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ faoi réir ag na híostréimhsí a leagtar amach i míreanna 2 go 54. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|