|
+Airteagal 288 Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR |
Airteagal 288 Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCRAirteagal 288 Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR Déanfaidh institiúid athbhreithniú neamhspleách rialta ar a córas bainistíochta CCR trína próiseas iniúchta inmheánaigh. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad bainistíochta rialaithe agus comhthaobhachta araon a cheanglaítear le hAirteagal 287 agus tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas go sainiúil, ar a laghad:
(a)
leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bhainistíochta CCR a cheanglaítear le hAirteagal 286;
(b)
eagrúchán an aonaid rialaithe CCR a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(a);
(c)
eagrúchán an aonaid bhainistíochta comhthaobhachta a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(b);
(d)
comhtháthú na mbeart CCR le bainistíocht laethúil ►C9 riosca ◄ ;
(e)
an próiseas faofa maidir le samhlacha praghsála ►C9 riosca ◄ agus córais luachála arna n-úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige;
(f)
bailíochtú aon athraithe shuntasaigh ar an bpróiseas tomhais CCR;
(g)
raon feidhme an CCR arna ghabháil ag an tsamhail tomhais ►C9 riosca ◄ ;
(h)
sláine an chórais faisnéise bainistíochta;
(i)
beachtas agus iomláine na sonraí CCR;
(j)
léiriú beacht na dtéarmaí dlíthiúla i gcomhaontuithe comhthaobhachta agus glanluachála go tomhais luachanna ►C9 neamhchosaintí ◄ ;
(k)
fíorú ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas foinsí sonraí den sórt sin;
(l)
beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaolúcháin;
(m)
beachtas na ríomhanna luachála agus claochlaithe ►C9 riosca ◄ ;
(n)
fíorú ar bheachtas na samhla trí chúltástáil a dhéanamh go minic mar a leagtar amach i bpointí (b) go (e) d'Airteagal 293(1);
(o)
comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha ag an aonad rialaithe agus aonad bainistíochta comhthaobhachta CCR. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|