|
+Airteagal 291 5. |
Airteagal 291 5.Déanfaidh institiúidí a gceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh CCR maidir le hidirbhearta i gcás ina ndearnadh ►C9 sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta a aithint agus i gcás ina bhfuil baint dhlíthiúil idir an contrapháirtí agus eisitheoir bhunionstraim an díorthaigh bhunúsaí thar an gcuntar nó bhunionstraim na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 273(2), i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
(a)
tá ►C9 sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta ann ach ní dhéanfar na hionstraimí a áireamh sa tacar glanluachála céanna ina bhfuil idirbhearta eile leis an gcontrapháirtí, agus láimhseálfar gach ceann acu mar thacar glanluachála ar leith;
(b)
laistigh de thacar glanluachála ar leith den sórt sin, maidir le babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm, is ionann luach na ►C9 neamhchosanta ◄ agus an caillteanas ionchasach iomlán i luach an luacha chóir atá fágtha de na bunionstraimí bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t-eisitheoir foluiteach faoi leachtú;
(c)
beidh an LGD d'institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 cothrom le 100 % le haghaidh idirbheart babhtála den sórt sin;
(d)
nó institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2, beidh an ►C9 t-ualach riosca ◄ infheidhme coibhéiseach leis sin a bhaineann le hidirbheart neamhurraithe;
(e)
maidir le gach idirbheart eile lena ndéantar aon ainm a thagairt i dtacar glanluachála ar leith den sórt sin, beidh ríomh luach na ►C9 neamhchosanta ◄ comhsheasmhach leis an toimhde go mainneofar na bunoibleagáidí sin gan choinne i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí. Maidir le hidirbhearta lena ndéantar bascaed ainmneacha nó innéacs a thagairt, cuirfear i bhfeidhm mainneachtain na mbunoibleagáidí faoi seach, i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí, más ábhartha;
(f)
sa mhéid go n-úsáideann an ríomh um riosca margaidh leis sin le haghaidh ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1d, Roinn 4 nó 5, nó le haghaidh riosca mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach i gcomhair riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b, Roinn 3, ina bhfuil toimhde LGD cheana féin, is é 100 % an LGD a úsáidfear san fhoirmle. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|