+Airteagal 291 ►C9Riosca◄Comhghaolmhaireachta
---+Airteagal 291 1.
---+Airteagal 291 2.
---+Airteagal 291 3.
---+Airteagal 291 4.
---+Airteagal 291 5.
---+Airteagal 291 6.
|
Airteagal 291 ►C9Riosca◄Comhghaolmhaireachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 291 1.
|
Chun críocha an Airteagail seo:
(a)
tarlaíonn “
►C9
riosca ◄ ginearálta comhghaolmhaireachta” nuair a dhéantar dealraitheacht de mainneachtana ag contrapháirtithe a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le fachtóirí ginearálta um priacail margaidh;
(b)
tarlaíonn “
►C9
Sainriosca ◄ Comhghaolmhaireachta” nuair a dhéantar
►C9
neamhchosaint ◄ todhchaí ar chontrapháirtí sonrach a chur i gcomhchoibhneas deimhneach le PD an chontrapháirtí de bharr nádúr na n-idirbheart leis an gcontrapháirtí. Measfar institiúid a bheith ar ris ar
►C9
shainriosca ◄ comhghaolmhaireachta má táthar ag súil go mbeidh an
►C9
neamhchosaint ◄ todhchaí ar chontrapháirtí sonrach ard tráth a mbeidh dóchúlacht mainneachtana an chontrapháirtí ard freisin.
|
|
Airteagal 291 2.
|
Tabharfaidh institiúid aird chuí ar
►C9
neamhchosaintí ◄ a d'fhéadfadh a bheith ina mbonn le méid suntasach de
►C9
Shainriosca ◄ agus de
►C9
Riosca ◄ Ginearálta Comhghaolmhaireachta.
|
|
Airteagal 291 3.
|
D'fhonn
►C9
riosca ◄ ginearálta comhghaolmhaireachta a aithint, ceapfaidh institiúid tástáil struis agus anailísí ar chásanna chun fachtóirí
►C9
riosca ◄ a chur faoi strus a bhaineann go neamhfhabhrach le hacmhainneacht creidmheasa contrapháirtithe. Le tástáil den sórt sin, tabharfar aghaidh ar an bhféidearthacht go dtarlódh suaitheadh dian nuair a dhéantar na caidrimh idir fachtóirí
►C9
riosca ◄ a athrú. Déanfaidh institiúid faireachán ar
►C9
riosca ◄ ginearálta comhghaolmhaireachta de réir táirge, réigiúin, tionscail nó de réir catagóirí eile atá ábhartha don ghnó.
|
|
Airteagal 291 4.
|
Déanfaidh institiúid nósanna imeachta a chothabháil chun cásanna de
►C9
riosca ◄ comhghaolmhaireachta a aithint, a rialú agus chun faireachán a dhéanamh orthu i gcás gach eintitis dhlíthiúil, ag tosú le tionscnamh idirbhirt agus ag leanúint feadh shaolré an idirbhirt.
|
|
Airteagal 291 5.
|
Déanfaidh institiúidí a gceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh CCR maidir le hidirbhearta i gcás ina ndearnadh
►C9
sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta a aithint agus i gcás ina bhfuil baint dhlíthiúil idir an contrapháirtí agus eisitheoir bhunionstraim an díorthaigh bhunúsaí thar an gcuntar nó bhunionstraim na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 273(2), i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
(a)
tá
►C9
sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta ann ach ní dhéanfar na hionstraimí a áireamh sa tacar glanluachála céanna ina bhfuil idirbhearta eile leis an gcontrapháirtí, agus láimhseálfar gach ceann acu mar thacar glanluachála ar leith;
(b)
laistigh de thacar glanluachála ar leith den sórt sin, maidir le babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm, is ionann luach na
►C9
neamhchosanta ◄ agus an caillteanas ionchasach iomlán i luach an luacha chóir atá fágtha de na bunionstraimí bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t-eisitheoir foluiteach faoi leachtú;
(c)
beidh an LGD d'institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 cothrom le 100 % le haghaidh idirbheart babhtála den sórt sin;
(d)
nó institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2, beidh an
►C9
t-ualach riosca ◄ infheidhme coibhéiseach leis sin a bhaineann le hidirbheart neamhurraithe;
(e)
maidir le gach idirbheart eile lena ndéantar aon ainm a thagairt i dtacar glanluachála ar leith den sórt sin, beidh ríomh luach na
►C9
neamhchosanta ◄ comhsheasmhach leis an toimhde go mainneofar na bunoibleagáidí sin gan choinne i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí. Maidir le hidirbhearta lena ndéantar bascaed ainmneacha nó innéacs a thagairt, cuirfear i bhfeidhm mainneachtain na mbunoibleagáidí faoi seach, i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí, más ábhartha;
▼M17
(f)
sa mhéid go n-úsáideann an ríomh um riosca margaidh leis sin le haghaidh ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1d, Roinn 4 nó 5, nó le haghaidh riosca mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach i gcomhair riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b, Roinn 3, ina bhfuil toimhde LGD cheana féin, is é 100 % an LGD a úsáidfear san fhoirmle.
▼B
|
|
Airteagal 291 6.
|
Déanfaidh institiúidí tuarascálacha rialta ar shainpriacail agus priacail ginearálta comhghaolmhaireachta araon agus ar na céimeanna atá á ndéanamh chun na priacail sin a bhainistiú a thabhairt do lucht bainistíochta sinsearaí agus do choiste iomchuí an chomhlachta bainistíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|