|
+Airteagal 292 1. |
Airteagal 292 1.Áiritheoidh institiúid sláine an phróisis samhaltaithe mar a leagtar amach in Airteagal 284 trí na bearta seo a leanas a ghlacadh ar a laghad:
(a)
léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart leis an tsamhail ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach;
(b)
áireofar leis na téarmaí sin ar a laghad méideanna barúlacha, aibíocht, sócmhainní tagartha, socruithe faoi shocrú corrlaigh agus socruithe glanluachála a bhainfidh leis an gconradh;
(c)
déanfar na téarmaí agus sonraíochtaí sin a choinneáil i mbunachar sonraí a bheidh faoi réir ag iniúchadh foirmiúil tréimhsiúil;
(d)
próiseas chun socruithe glanluachála a aithint óna dteastaíonn foireann dhlíthiúil chun a fhíorú go bhfuil glanluacháil faoi na socruithe sin infheidhme le dlí;
(e)
cuirfidh aonad neamhspleách an fíorú a cheanglaítear le pointe (d) isteach sa bhunachar sonraí atá luaite i bpointe (c);
(f)
beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí chuig an tsamhail EPE faoi réir ag iniúchadh inmheánach;
(g)
beidh próisis ann chun réiteach foirmiúil a dhéanamh idir an tsamhail agus córais na sonraí foinseacha chun fíorú a dhéanamh ar bhonn leanúnach go bhfuil téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart á léiriú i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, in EPE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|