+Airteagal 292 Sláine an phróisis samhaltaithe
---+Airteagal 292 1.
---+Airteagal 292 2.
---+Airteagal 292 3.
---+Airteagal 292 4.
---+Airteagal 292 5.
---+Airteagal 292 6.
---+Airteagal 292 7.
---+Airteagal 292 8.
---+Airteagal 292 9.
---+Airteagal 292 10.
|
Airteagal 292 Sláine an phróisis samhaltaithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 292 1.
|
Áiritheoidh institiúid sláine an phróisis samhaltaithe mar a leagtar amach in Airteagal 284 trí na bearta seo a leanas a ghlacadh ar a laghad:
(a)
léireofar téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart leis an tsamhail ar bhealach tráthúil, iomlán agus coimeádach;
(b)
áireofar leis na téarmaí sin ar a laghad méideanna barúlacha, aibíocht, sócmhainní tagartha, socruithe faoi shocrú corrlaigh agus socruithe glanluachála a bhainfidh leis an gconradh;
(c)
déanfar na téarmaí agus sonraíochtaí sin a choinneáil i mbunachar sonraí a bheidh faoi réir ag iniúchadh foirmiúil tréimhsiúil;
(d)
próiseas chun socruithe glanluachála a aithint óna dteastaíonn foireann dhlíthiúil chun a fhíorú go bhfuil glanluacháil faoi na socruithe sin infheidhme le dlí;
(e)
cuirfidh aonad neamhspleách an fíorú a cheanglaítear le pointe (d) isteach sa bhunachar sonraí atá luaite i bpointe (c);
(f)
beidh tarchur téarmaí idirbheart agus sonraí na sonraíochtaí chuig an tsamhail EPE faoi réir ag iniúchadh inmheánach;
(g)
beidh próisis ann chun réiteach foirmiúil a dhéanamh idir an tsamhail agus córais na sonraí foinseacha chun fíorú a dhéanamh ar bhonn leanúnach go bhfuil téarmaí agus sonraíochtaí idirbheart á léiriú i gceart, nó go coimeádach ar a laghad, in EPE.
|
|
Airteagal 292 2.
|
Bainfear úsáid as sonraí margaidh reatha chun
►C9
neamhchosaintí ◄ reatha a chinneadh. Féadfaidh institiúid a samhail EPE a chalabrú agus sonraí margaidh stairiúla nó sonraí intuigthe ón margadh á n-úsáid chun paraiméadair na bpróiseas stocastach foluiteach a bhunú, amhail síobadh, luaineacht agus comhchoibhneas. Má úsáideann institiúid sonraí stairiúla, bainfidh sí úsáid as trí bliana ar a laghad de shonraí den sórt sin. Déanfar na sonraí a nuashonrú gach ráithe ar a laghad, agus níos minice más gá chun na dálaí margaidh a léiriú. Chun an EPE iarbhír a ríomh le calabrú struis, déanfaidh institiúid EPE iarbhír a chalabrú agus trí bliana de shonraí, lena n-áirítear tréimhse struis i dtaca le raonta difríochta creidmheasa a contrapháirtithe, a úsáid nó sonraí intuigthe ón margadh ó thréimhse struis den sórt sin. Cuirfidh an institiúid na ceanglais i míreanna 3, 4 agus 5 i bhfeidhm chun na críche sin.
|
|
Airteagal 292 3.
|
Taispeánfaidh institiúid chun sástachta an údaráis inniúil, gach ráithe ar a laghad, go gcomhtharlaíonn an tréimhse struis a úsáidtear don ríomh faoin mír seo le tréimhse de bhabhtáil mainneachtana creidmheasa mhéadaithe nó raonta difríochta creidmheasa eile (amhail iasacht nó banna corparáideach) maidir le sampla ionadaíoch dá contrapháirtithe ag a bhfuil raonta difríochta creidmheasa trádáilte. I gcásanna nach bhfuil dóthain sonraí ag institiúid faoi raon difríochta creidmheasa a bhaineann le contrapháirtí, déanfaidh sí an contrapháirtí sin a mhapáil le sonraí sainiúla maidir le raon difríochta creidmheasa bunaithe ar réigiún, rátáil inmheánach agus cineálacha gnólachtaí.
|
|
Airteagal 292 4.
|
Sa tsamhail EPE maidir leis na contrapháirtithe uile, bainfear úsáid as sonraí stairiúla nó sonraí intuigthe, lena n-áirítear na sonraí ón tréimhse creidmheasa faoi strus agus bainfear úsáid as sonraí den sórt sin ar bhealach atá comhsheasmhach leis an modh a úsáidtear chun an tsamhail EPE a chalabrú le sonraí reatha.
|
|
Airteagal 292 5.
|
Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an chalabraithe struis maidir le EEPE, déanfaidh institiúid roinnt punann tagarmharcála a chruthú atá leochaileach do na príomhfhachtóirí
►C9
riosca ◄ ar a bhfuil an institiúid
►C9
neamhchosanta ◄ . Déanfar an
►C9
neamhchosaint ◄ ar na punanna tagarmharcála seo a ríomh ag úsáid (a) modheolaíocht struis bunaithe ar na luachanna margaidh reatha agus ar pharaiméadair shamhlacha atá calabraithe do dhálaí struis sa mhargadh, agus (b) an
►C9
neamhchosaint ◄ a rinneadh a ghiniúint sa tréimhse struis, ach an modh á chur i bhfeidhm a leagtar amach sa Roinn seo (luach margaidh dheireadh na tréimhse struis, luaineachtaí, agus réitigh ón tréimhse struis trí bliana). Ceanglóidh na húdaráis inniúla ar institiúid an calabrú struis a choigeartú má athraíonn na
►C9
neamhchosaintí ◄ ar na punanna tagarmharcála sin go suntasach óna chéile.
|
|
Airteagal 292 6.
|
Déanfaidh institiúid an tsamhail a chur faoi phróiseas bailíochtaithe atá léirithe go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta na n-institiúidí. Maidir leis an bpróiseas bailíochtaithe:
(a)
sonrófar an cineál tástála is gá chun sláine na samhla a áirithiú agus dálaí a aithint faoi nach leor na toimhdí a fholuíonn an tsamhail agus a bhféadfadh maolaisnéis i leith EPE a bheith mar thoradh orthu dá bhrí sin;
(b)
áireofar athbhreithniú ar chuimsitheacht na samhla.
|
|
Airteagal 292 7.
|
Déanfaidh institiúid faireachán ar na priacail ábhartha agus beidh próisis i bhfeidhm aici chun a meastachán ar EPE iarbhír a choigeartú nuair a éiríonn na priacail sin suntasach. Déanfaidh an institiúid na nithe seo a leanas agus an mhír seo á comhlíonadh:
▼B
(a)
a
►C9
neamhchosaintí ◄ ar
►C9
shainriosca ◄ comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(b) agus a
►C9
neamhchosaintí ◄ ar
►C9
riosca ◄ ginearálta comhghaolmhaireachta a tharlaíonn a aithint agus a bhainistiú mar a shonraítear in Airteagal 291(1)(a);
(b)
maidir le
►C9
neamhchosaintí ◄ lena mbaineann próifíl
►C9
riosca ◄ atá ag dul i méid tar éis bliana amháin, déanfar comparáid ar bhonn rialta idir meastachán ar mhéid
►C9
neamhchosanta ◄ thar bhliain amháin leis an méid
►C9
neamhchosanta ◄ céanna thar shaolré na
►C9
neamhchosanta ◄ ;
(c)
maidir le
►C9
neamhchosaintí ◄ a bhfuil aibíocht iarmhair níos lú ná aon bhliain amháin acu, déanfar comparáid ar bhonn rialta idir an costas athsholáthair (
►C9
neamhchosaint ◄ reatha) agus próifíl na
►C9
neamhchosanta ◄ réadaithe, agus déanfar sonraí a stóráil a cheadódh comparáid den sórt sin.
|
|
Airteagal 292 8.
|
Beidh nósanna imeachta inmheánacha ag institiúid lena fhíorú, sula n-áireofar idirbheart i dtacar glanluachála, go bhfuil an t-idirbheart clúdaithe ag conradh glanluachála inchurtha i bhfeidhm le dlí lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 7.
|
|
Airteagal 292 9.
|
Beidh nósanna imeachta inmheánacha ag institiúid a úsáideann comhthaobhacht chun a CCR a mhaolú lena fhíorú, sula ndéanfar éifeacht na comhthaobhachta ina ríomhanna a aithint, go gcomhlíonann an chomhthaobhacht na caighdeáin maidir le deimhneacht dhlíthiúil a leagtar amach i gCaibidil 4.
|
|
Airteagal 292 10.
|
Déanfaidh ÚBE faireachán ar an raon cleachtas sa réimse seo agus, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, eiseoidh sé treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|