|
+Airteagal 296 3. |
Airteagal 296 3.Féadfar na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (b) a tharraingt suas trí thagairt do chineálacha glanluachála conarthaí. Comhlíonfaidh comhaontuithe glanluachála trastáirge conarthacha na coinníollacha breise seo a leanas:
(a)
is í an tsuim ghlan dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo an tsuim ghlan de na luachanna imréitigh deimhneacha agus diúltacha d'aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh agus de luach deimhneach agus diúltach um marcáil ón margadh na n-idirbheart aonair (an “Méid Glan Trastáirge”);
(b)
na tuairimí dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, tabharfar eolas ar bhailíocht agus ar infhorghníomhacht an chomhaontaithe glanluachála trastáirgí chonarthaigh iomláin faoina théarmaí agus ar thionchar an chomhaontaithe glanluachála ar fhorálacha ábhartha atá in aon mháistir-chomhaontú déthaobhach aonair atá ar áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|